Written answers

Thursday, 25 March 2021

Department of Education and Skills

Oideachas trí Ghaeilge

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

143. To ask the Minister for Education and Skills cén soláthar agus cé na tagairtí d’fhorbairt na hearnála breisoideachais trí Ghaeilge atá déanta ag a Roinn sa Ráiteas Straitéise don tréimhse 2021-2023, cé na beartais atá á moladh ag a Roinn chun an earnáil sin a chur chun cinn; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [16200/21]

Photo of Simon HarrisSimon Harris (Wicklow, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is doiciméad ardleibhéil é an Ráiteas Straitéise ina leagtar béim ar spriocanna straitéiseacha don Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta. I gcomhréir leis an gcur chuige seo, ní thagraítear go sonrach do mhórchuid de ghníomhaíochtaí agus de thosaíochtaí na Roinne.

Tá an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán freagrach as cur i bhfeidhm an Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 a forbraíodh faoi choimirce An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.

Tá an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta tiomanta oibriú go dlúth leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán chun tacú leis na tionscnamh éagsúla atá mar chuid den Straitéis.

Ó thaobh na hearnála Breisoideachais agus Oiliúna (FET), tá cúrsaí ar fáil a bhaineann leis an nGaeilge. Déantar an soláthar seo a ofráil, den chuid is mó, mar chuid de réimsí an oideachais phobail agus na litearthachta d'aosaigh. Tá sé de chúram ar na Boird Oideachais agus Oiliúna (BOOanna) a soláthar a struchtúrú i gcomhréir le héilimh agus riachtanais na bhfoghlaimeoirí, de réir tosaíochtaí scileanna áitiúla agus náisiúnta. Cuirtear é seo i gcrích i gcomhar leis na Comhaontuithe Feidhmíochta Straitéiseacha atá i bhfeidhm idir SOLAS agus gach ceann de na 16 BOO.

Ina theannta sin, cuireann an t-ardán ar líne eCollege, atá á bhainistiú ag SOLAS, cúrsa Gaeilge - ‘Labhair Gaeilge Liom’ ar fáil saor in aisce. Seoladh an cúrsa seo in 2016 mar chúrsa inrochtana do dhaoine le taitneamh a bhaint as i gcomhthéacs chomóradh céad bliain 1916. Rinneadh é a dhearadh chun frásaí lárnacha a thabhairt d’fhoghlaimeoirí agus rithimí agus fuaimeanna na Gaeilge labhartha a sholáthar. Leanadh leis mar thoradh ar spéis leanúnach ó fhoghlaimeoirí.

Leanann an Roinn ag obair go dlúth lena gníomhaireachtaí, a páirtithe leasmhara uile agus leis na hinstitiúidí breisoideachais agus ardoideachais chun cur le cur chun cinn na Gaeilge agus táimid oscailte deiseanna a thapú chun ár ngníomhaíochtaí a fhorbairt agus a fheabhsú nuair is praiticiúil sa réimse seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.