Written answers

Wednesday, 16 December 2020

Department of Enterprise, Trade and Employment

Seirbhísí trí Ghaeilge

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

36. To ask the Minister for Enterprise, Trade and Employment cad iad na fadhbanna is práinní i leith seirbhísí faoi riar a Roinne a sholáthar trí Ghaeilge sna ceantair Ghaeltachta, agus cad atá beartaithe aige chun iad a réiteach. [43863/20]

Photo of Leo VaradkarLeo Varadkar (Dublin West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá mo Roinn go hiomlán tiomanta chun a chinntiú gur féidir le custaiméirí ar mian leo a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge é sin a dhéanamh. Ar an iomlán, tá leibhéal an éilimh an-íseal sa Roinn ar sheirbhísí trí Ghaeilge. Tá an méid teagmhála faighte as Gaeilge, i scríbhinn, ar an nguthán nó aghaidh ar aghaidh an-íseal.

Mar chuid den dul chun cinn a dhéanamh ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030, tá prótacal forbartha ag Gníomhaireacht mo Roinne, Fiontraíocht Éireann, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta thar ceann 8 n-Oifig Fiontair Áitiúla (OFA) i limistéir Ghaeltachta. Is é aidhm Údarás na Gaeltachta agus an 8 n-OFA – i nDún na nGall, Maigh Eo, Gaillimh, Ciarraí, Corcaigh Theas, Corcaigh Thuaidh agus Thiar, Port Láirge agus an Mhí – tríd an bprótacal seo chun comhionannas deiseanna d’fhiontraithe agus do ghnólachtaí a áirithiú maidir le tacaíochtaí Rialtais. Áirithíonn an prótacal seo go bhfuil rochtain ag cliaint Údarás na Gaeltachta ar shaineolas leathan de na OFA trína gcláir oiliúna agus meantóireachta.

Is é aidhm an phrótacail seo ná an méid seo a leanas:

- Áirithigh go dtugtar comhionannas deiseanna agus seirbhísí agus tacaíochtaí inchomparáide do chliaint lonnaithe sa Ghaeltacht ag Údarás na Gaeltachta mar a sholáthraíonn Oifígí Fiontair Áitiúla in áiteanna lasmuigh den Ghaeltacht d’fhiontraithe agus d’fhiontair nua nó atá ann cheana.

- Nasc struchtúrtha a bhunú idir Oifígí Fiontair Áitiúla agus Údarás na Gaeltachta go lárnach agus go háitiúil maidir le soláthar eolais, treorach agus tacaíochta do chliaint.

- Meicníocht a leagan amach maidir le soláthar rochtana ar sheirbhísí agus scéimeanna Údarás na Gaeltachta ó na hOifigí Fiontair Áitiúla d’fhiontair incháilithe Gaeltachta.

- Seirbhís oilte do chustaiméirí a chur ar fáil chun dul i ngleic le ceisteanna ó chliaint Údarás na Gaeltachta agus ó chliaint Oifigí Fiontair Áitiúla.

Is gné shuntasach de straitéis chorparáideach IDA Ireland fós é forbairt réigiúnach a bhfuil spriocanna infheistíochta réigiúnacha ann chun infheistíochtaí a mhéadú i ngach réigiún. Chun na spriocanna réigiúnacha uaillmhianacha seo a bhaint amach, leanfaidh IDA Ireland a bheith ag uaillmhianacha le páirtithe leasmhara eile, m.sh. comhlachtaí poiblí, an earnáil phríobháideach agus an lucht acadúil atá ag tabhairt tacaíochta le forbairt réigiúnach agus atá ag uasmhéadú acmhainneacht d’infheistíocht dhíreach eachtrach. Folaíonn sé seo IDA Ireland a bheith ag obair le comhghníomhaireachtaí ar bhealach comhoibríoch ina n-áirítear Údarás na Gaeltachta agus Fiontraíocht Éireann chun clár oibre régiúnach a chur chun cinn.

Tá prótacal ann freisin ag IDA Ireland le hÚdarás na Gaeltachta ó 2018, rud atá mar bhunchloch ag rannphartaíocht idir an dá eagraíocht agus a rud a cuireann leis an gcaidreamh láidir oibre atá táirgiúil agus leanúnach agus atá ann faoi láthair.

Baineann an prótacal le rannpháirtíocht, comhairliúchán agus teagmháil idir IDA Ireland agus Feidhmeannaigh Údarás na Gaeltachta. Buaileann ionadaí sinsearach ó IDA Ireland lena chontrapháirt/lena contrapháirt ó Údarás na Gaeltachta dhá uair sa bhliain ar a laghad agus nuair a thagann ceist chun cinn maidir le cliant ar leith, déanann na hiondaithe ó IDA Ireland cumarsáid dhíreach leis na hiondaithe ó Údarás na Gaeltachta.

Tá mo Roinn tiomanta leibhéal an éilimh ar sholáthar seirbhíse trí Ghaeilge a mheas ar bhonn leanúnach agus na héilimh sin a fhreagairt ar bhealach pleanáilte, comhleanúnach agus inrochtana.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.