Written answers

Wednesday, 16 December 2020

Department of Enterprise, Trade and Employment

Foireann Roinne

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

35. To ask the Minister for Enterprise, Trade and Employment sonrú a dhéanamh ar gach post atá sainaitheanta mar phost a bhfuil riachtanas Gaeilge leis ina Roinn faoi láthair, líon na bhfostaithe ina Roinn a bhfuil cumas sa Ghaeilge acu, agus líon iomlán na bhfostaithe ina Roinn. [43862/20]

Photo of Leo VaradkarLeo Varadkar (Dublin West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl aon fholúntas reatha taobh istigh mo Roinn faoi láthair a bhfuil cumas Gaeilge riachtanach faoi leith. Mar gheall ar éileamh íseal ar sholáthar seirbhíse do chustaiméirí trí Ghaeilge i mo Roinn, níor aithníodh aon phost ainmnithe ina bhfuil cumas Gaeilge mar réamhriachtanas. Tá 993 bhall foirne fostaithe i mo Roinn faoi láthair.

Tá mo Roinn go hiomlán tiomanta do Scéim na Gaeilge 2019-2022 a ullmhaíodh de réir Alt 15 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Cuireann an Scéim le prionsabail na Seirbhíse Ardchaighdeáin do Chustaiméirí agus leis an ngealltanas i gCairt Chustaiméirí na Roinne, chun a chinntiú gur féidir le custaiméirí ar mian leo a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge é sin a dhéanamh.

I gcomhréir leis an Scéim seo, tá mo Roinn tiomanta leibhéal an éilimh a mheas ar bhonn leanúnach ar bhealach pleanáilte, comhleanúnach agus inrochtana.

Chun a chinntiú go mbíonn fáil ag custaiméirí ar fad ar mo Roinn agus go mbíonn an eagraíocht cumasach dul i ngleic leo, cuireann Ionad Teanga agus Forbartha na Státseirbhíse Oiliúint Ghaeilge ar fáil trí OneLearning.

Áirithíonn an oiliúint seo go mbíonn cohórt foirne sa Roinn atá in ann cabhrú le haonaid ghnó cliaint a fhreagairt ar mian leo teagmháil a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Chomh maith leis sin, tugann an cohórt seo tacaíocht do bhaill foirne a chuid scileanna Gaeilge agus a chuid scileanna seirbhíse do chustaiméirí a fhorbairt. Maidir leis seo, tá 8 mball foirne i mbun oiliúna Ghaeilge nó tá an oiliúint sin curtha i gcrích acu sa bhliain 2020 (féach ar an tábla thíos). Tá 6 bhall foirne eile cláraithe chun páirt a ghlacadh in oiliúint Ghaeilge in 2021.

Teastas sa Ghaeilge Ghairimiúil
Leibhéal Méid Foirne
Leibhéal 3 3
Leibhéal 4 3
Leibhéal 5 1
Leibhéal 6 1
Iomlán 8

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.