Written answers

Wednesday, 16 December 2020

Department of Housing, Planning, and Local Government

Foireann Roinne

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

128. To ask the Minister for Housing, Planning, and Local Government sonrú a dhéanamh ar gach post atá sainaitheanta mar phost a bhfuil riachtanas Gaeilge leis ina Roinn faoi láthair, líon na bhfostaithe ina Roinn a bhfuil cumas sa Ghaeilge acu, agus líon iomlán na bhfostaithe ina Roinn. [43892/20]

Photo of Darragh O'BrienDarragh O'Brien (Dublin Fingal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl aon phoist i mo Roinn i láthair na huaire a éilíonn go sonrach inniúlacht sa Ghaeilge. Coinnítear, áfach, an cás faoi léirmheas mar chuid den phróiseas Pleanála d’Fhórsa Oibre.

Tá an deis ann d’fhoireann iomlán na Roinne a gcuid cumas sa Ghaeilge a fheabhsú agus cuirtear oiliúint teanga ar fáil ag roinnt leibhéil éagsúla. Lorgaíonn mo Roinn go rialta daoine i measc na foirne a bheadh sásta seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge nuair a bhíonn gá leis. Tá na baill foirne seo liostaithe ar shuíomh inlíon na Roinne. Tá 15 ball faoi láthair leis an gcumas seo ach táthar ag déanamh athbhreithniú ar seo i ndiaidh na haistrithe feidhmeanna agus foirne oidhreachta chuig mo Roinn le gairid.

Is é líon iomlán na bhfostaithe i mo Roinn ag deireadh Mhí na Samhna ná 1,269.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.