Written answers

Wednesday, 16 December 2020

Department of Housing, Planning, and Local Government

Seirbhísí trí Ghaeilge

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

127. To ask the Minister for Housing, Planning, and Local Government cad iad na pleananna atá ag a Roinn chun seirbhísí faoina riar a chur ar fáil trí Ghaeilge, chun cur le líon na seirbhísí atá ar fáil trí Ghaeilge faoina riar, agus chun an Ghaeilge a chur chun cinn, le linn 2021. [43891/20]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

129. To ask the Minister for Housing, Planning, and Local Government sainiú a dhéanamh ar na fadhbanna is práinní i leith seirbhísí faoi riar a Roinne a sholáthar trí Ghaeilge sna ceantair Ghaeltachta, agus cad atá beartaithe aige chun iad a réiteach. [43893/20]

Photo of Darragh O'BrienDarragh O'Brien (Dublin Fingal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I propose to take Questions Nos. 127 and 129 together.

Leagtar amach rúin mo Roinne i dtaca le seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge i gcúigiú Scéim Teanga na Roinne, a foilsíodh i mBealtaine i mbliana ar aon dul le hAcht na dTeangacha Oifigiúla. Tugtar léargas ginearálta sa Scéim ar an Roinn agus tugtar cuntas inti ar sheirbhísí Gaeilge agus feabhsúcháin a bheartaítear a dhéanamh i rith tréimhse 2020-2023. Tá an Scéim ar fáil ar ár láithreán gréasáin ag:

Maidir le ceantair Ghaeltachta, tá bonn reachtúil faoin bpróiseas pleanála teanga a chur i bhfeidhm go leanúnach faoi Acht na Gaeltachta, 2012. Aithnítear é seo sa Chreat Náisiúnta Pleanála (an CNP), ina dtagraítear do phleananna teanga a ullmhú agus a chur i bhfeidhm ar leibhéal pobail. Cuspóir 29 den CNP “Tacú le cur i bhfeidhm pleananna teanga i gCeantair Pleanála Teanga Gaeltachta, i mBailte Seirbhíse Gaeltachta agus i Líonraí Gaeilge”.

Chuir mo Roinn treoirlínte pleanála le chéile freisin, ‘Pleananna Forbartha, Treoirlínte d’Údaráis Phleanála’,chun dul i ngleic le cuspóir éigeantach an Achta um Pleanáil agus Forbairt chun “oidhreacht theangeolaíoch agus chultúrtha na Gaeltachta a chosaint, an Ghaeilge a chur chun cinn san áireamh mar theanga an phobail, nuair atá Gaeltacht i limistéar an phlean forbartha”.Tagraítear sna treoirlínte seo do limistéir ar nós oidhreacht theangeolaíoch agus chultúrtha, riachtanais an phobail i dtaobh úsáid talún ar mhaithe le tithíocht, áiseanna pobail, fostaíocht, turasóireacht agus dearadh, fógraíocht agus comharthaíocht san áireamh. Cuirimis i gcás, cuireadh athrú san áireamh i bPlean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2015-21 chun plean ceantar Gaeltachta a chur san áireamh.

Ó Aibreán 2019 ar aghaidh, is é Oifig an Rialálaí Pleanála (ORP) a dhéanann measúnú ar na pleananna forbartha údaráis áitiúil agus na pleananna ceantair áitiúil go léir. Áirítear le ról maoirseachta ORP a chinntiú go bhfuil comhsheasmhacht ann maidir le beartais ábhartha náisiúnta nó réigiúnacha, iad siúd ina measc a leagtar amach sa CNP agus dul i ngleic le gach cuspóir éigeantach ábhartha le haghaidh Pleananna Forbartha Contae a leagtar amach san Acht um Pleanáil agus Forbairt, cuspóirí a sholáthar a bhaineann go sonrach leis an nGaeltacht san áireamh.

Ar aon dul le hAcht na Gaeltachta, 2012, leanann mo Roinn ag tacú le hiarrataí soláthair foirne a dhéanann údaráis áitiúla ar oifigigh dhátheangacha.

Tá sraith gealltanas i gClár an Rialtais chun an Ghaeilge a chothú agus a fhorbairt, gealltanas san áireamh chun Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 a neartú agus a achtú.

Críochnaíodh an Dara Céim do Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 sa Dáil ar 8 Deireadh Fómhair. Is é príomhchuspóir an Bhille ná Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a leasú ionas go mbeifear in ann feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí phoiblí trí Ghaeilge agus líon na gcainteoirí Gaeilge a earcaítear sa tseirbhís phoiblí a mheadú. Tá tacaíocht an Rialtais faighte roinnt leasuithe a mholadh a láidróidh an Bille. Tá an Rialtas tiomanta an Bhille a bhrú ar aghaidh a luaithe agus is féidir. Beidh Céim an Choiste ag tosú ar an 20 Eanáir.

Ceadaíonn an Bille Coiste Comhairleach reachtúil um Sheirbhísí Gaeilge a bhunú d’fhonn soláthar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge a mhéadú agus a fheabhsú. Bunófar an Coiste Comhairleach tráth nach ndéanaí ná sé mhí tar éis an Bhille a bheith achtaithe. Leagtar amach feidhmeanna an Choiste Chomhairligh sa Bhille, lena n-áirítear Plean Náisiúnta a fhoilsiú ar mhaithe le soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a mhéadú. Beidh an Plean Náisiúnta ullmhaithe agus curtha faoi bhráid an Aire tráth nach ndéanaí ná dhá bhliain tar éis a bhunaithe. Déanfar tuairisciú rialta ar an dul chun cinn trí tuairisc gach dara bliain ón Choiste Chomhairligh, a bheidh le cur chuig an Aire, an Coimisinéir Teanga agus le leagan os comhair na Tithe. Tabharfaidh sé seo leibhéal trédhearcacht d’obair an stáit chun soláthar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge a mhéadú agus a fheabhsú.

Chuir iniúchadh a rinneadh ar fud na Roinne eolas ar fáil ar an leibhéal éilimh sa phobal ar sheirbhísí i nGaeilge. Tugann na torthaí le fios gurb íseal i gcónaí an leibhéal éilimh ar sheirbhísí Gaeilge i measc an phobail – i bpearsan nó trí ghlaonna gutháin. Déanfar athmheasúnú ar sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge ag mo Roinn, i gceantair Ghaeltachta san áireamh, i ndiaidh go n-achtófar an Bille.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.