Written answers

Wednesday, 16 December 2020

Department of Finance

Seirbhísí trí Ghaeilge

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

98. To ask the Minister for Finance cad iad na pleananna atá ag a Roinn chun seirbhísí faoina riar a chur ar fáil trí Ghaeilge, chun cur le líon na seirbhísí atá ar fáil trí Ghaeilge faoina riar, agus chun an Ghaeilge a chur chun cinn, le linn 2021. [43867/20]

Photo of Paschal DonohoePaschal Donohoe (Dublin Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá na seirbhísí a chuirtear ar fáil trí Ghaeilge liostaithe i Scéim Teanga reatha 2018-2021 mo Roinne agus is féidir teacht uirthi ar an láithreán gréasáin ag . Is í seo an tríú Scéim Roinne oifigiúil atá ullmhaithe ag mo Roinn mar atá éilithe faoi alt 15 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Maireann gach scéim acu ar feadh théarma trí bliana.

Áirítear ar roinnt de na gealltanais shonracha faoin scéim reatha go gcuirfí an Ghaeilge chun cinn laistigh den Roinn, trínar cuireadh imeachtaí cultúir agus sóisialta Gaeilge ar leith ar siúl agus a chinntiú go bhfuil teacht ag an bhfoireann ar chúrsaí oiliúna creidiúnaithe Gaeilge. Cuireadh le roinnt de na gealltanais atá sa scéim reatha i gcomparáid leis an leagan deiridh den Scéim - an méid preasráiteas a eiseofar i nGaeilge mar shampla.

Tá tús curtha ag mo Roinn ar a ceathrú Scéim Teanga atá le tabhairt isteach an chéad bhliain eile agus déanfaidh muid athbhreithniú ar an dul chun cinn atá bainte amach leis an Scéim reatha. Lorgaíomar aighneachtaí ón bpobal le gairid maidir leis an Scéim nua agus breithneoimid aighneachtaí a gheobhaimid in am trátha.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.