Written answers

Wednesday, 16 December 2020

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

99. To ask the Minister for Finance sonrú a dhéanamh ar gach post atá sainaitheanta mar phost a bhfuil riachtanas Gaeilge leis ina Roinn faoi láthair, líon na bhfostaithe ina Roinn a bhfuil cumas sa Ghaeilge acu, agus líon iomlán na bhfostaithe ina Roinn. [43868/20]

Photo of Paschal DonohoePaschal Donohoe (Dublin Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba mhaith liom a chur in iúl don Teachta nach bhfuil aon phoist sa Roinn faoi láthair a n-aithnítear gur poist iad a bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge de dhíth ina leith. Gach uair a dtagann folúntas chun cinn, iarrtar ar Bhainisteoirí a thabhairt le fios ar an bhFoirm Iarratais Folúntais an bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge ina riachtanas riachtanach don phost sin.

Faoi láthair tá 3 ball foirne aitheanta sa Roinn chun déileáil le ceisteanna agus comhfhreagras trí Ghaeilge. De bharr go mbíonn an fhoireann ag athrú, cuirfear ríomhphost chuig an bhfoireann go léir arís in Eanáir 2021 chun aon duine eile a d'fhéadfaí a chur leis an liosta sin a aithint.

321 ball foirne ar an iomlán atá ag obair sa Roinn faoi láthair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.