Written answers
Thursday, 19 November 2020
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Polasaí Gaeltachta
Peadar Tóibín (Meath West, Aontú)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
29. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sí sásta go bhfuil cead ag forbrithóirí, eastáit tithe a thógáil i nGaeltachtaí gan aon srian ar iad a dhíol do clann gan Gaeilge; agus an bhfuil sí sásta nach bhfuil aon cosaint dlíthiúil ar ár dteanga dúchasach mar gheall ar forbairt tithe. [31220/20]
Jack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is ceist don Aire Tithíochta í cúrsaí pleanála trí chéile ar an gcéad dul síos ar ndóigh. É sin ráite, faoi Alt 28 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001, is gá d'údaráis áitiúla a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina gcúram teagmháil a dhéanamh le mo Roinn agus le hÚdarás na Gaeltachta chun a dtuairimí a fháil maidir le forbairtí dar leo a d'fhéadfadh cur isteach ar oidhreacht chultúrtha agus teanga na Gaeltachta. Is féidir liom a dheimhniú don Teachta go bhfuil scríofa ag mo Roinn chuig na húdaráis áitiúla a bhfuil ceantar Gaeltachta ina ndlinse ar roinnt ócáidí thar na blianta chun a gcuid dualgas maidir leis an nGaeilge a mheabhrú dóibh i gcomhthéacs an Achta.
Ní gá a rá ach go dtapaíonn mo Roinn na deiseanna a dtugtar di le haighneachtaí a sheoladh chuig údaráis phleanála a bhfuil ceantair Ghaeltachta faoina gcúraim maidir le forbairtí tithíochta den chineál atá luaite.
Níos túisce i mbliana, chuir mo Roinn aighneacht chuig an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta maidir le hathbhreithniú atá á dhéanamh acu ar na treoirlínte d'údaráis phleanála inar leagadh béim ar na dúshláin a fheictear a bheith ag baint leis an ábhar seo go ginearálta.
Tuigeann mo Roinn an tábhacht a bhaineann le tionchar teanga a bheith tógtha san áireamh i dtaobh forbairtí tithíochta i gceantar Gaeltachta agus is féidir a bheith cinnte go leanfaidh mo Roinn ag tapú gach deis chun an tábhacht sin a chur ina luí ar na húdaráis cuí cúram a dhéanamh d'fheidhmiú fhorálacha ábhartha an Achta ar leas na Gaeilge sa Ghaeltacht.
No comments