Written answers

Thursday, 19 November 2020

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Pleanáil Teanga

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

30. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht maidir le ceist 27095/20, cén dul chun cinn atá déanta maidir le Plean Teanga Chathair na Gaillimhe; cén dáta a fhoilseofar an plean; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [37346/20]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá plean teanga Chathair na Gaillimhe curtha faoi bhráid mo Roinne ag Foras na Gaeilge le tamall agus á bhreithniú faoi láthair. Tuigtear dom go bhfuil gá le tuilleadh plé a dhéanamh le páirtithe leasmhara sula mbeifear in ann an plean a chur faoi mo bhráid chun críche faofa agus go bhfuil céimeanna idir lámha chun an plé sin a shocrú gan mhoill. 

Ach an Plean a bheith faofa agam faoi réir fhorálacha Acht na Gaeltachta 2012, rachfar i dteagmháil leis an bhForas chun na socruithe ábhartha a dhéanamh le n-é a chur i bhfeidhm. 

Meabhráitear don Teachta go bhfuil fógartha ag mo Roinn cheana féin go bhfuil allúntas suas le €80,000 in aghaidh na bliana ar fáil ó mo Roinn do chur i bhfeidhm pleananna teanga i mBailte Seirbhíse Gaeltachta, ach amháin i gcás Cathracha Chorcaí agus na Gaillimhe, áit a mbeidh allúntais suas le €100,000 ar fáil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.