Written answers
Thursday, 1 October 2020
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Acht na dTeangacha Oifigiúla
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
68. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén dáta a fhoilseofar Bille na dTeangacha Oifigiúla; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [27094/20]
Jack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tuigim go maith an tábhacht atá leis an mBille seo, a foilsíodh i Nollaig 2019, do phobal labhartha na Gaeilge.
Tá teagmháil déanta le mo Roinn ag páirtithe leasmhara cheana féin, an Coimisinéir Teanga agus Conradh na Gaeilge san áireamh, lena gcuid moltaí maidir leis an mBille. Ag eascairt as na teagmhálacha sin, bhí cruinniú agam féin leis na páirtithe leasmhara céanna le déanaí chun a gcuid moltaí a phlé.
Táthar ag súil leis an mBille a thabhairt ar ais os comhar na dTithe, ag an dara céim, go gairid. Mar atá geallta sa Chlár Rialtais, tá i gceist go mbeadh an Bille achtaithe roimh dheireadh na bliana.
No comments