Written answers

Thursday, 1 October 2020

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

68. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén dáta a fhoilseofar Bille na dTeangacha Oifigiúla; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [27094/20]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim go maith an tábhacht atá leis an mBille seo, a foilsíodh i Nollaig 2019, do phobal labhartha na Gaeilge. 

Tá teagmháil déanta le mo Roinn ag páirtithe leasmhara cheana féin, an Coimisinéir Teanga agus Conradh na Gaeilge san áireamh, lena gcuid moltaí maidir leis an mBille.  Ag eascairt as na teagmhálacha sin, bhí cruinniú agam féin leis na páirtithe leasmhara céanna le déanaí chun a gcuid moltaí a phlé. 

Táthar ag súil leis an mBille a thabhairt ar ais os comhar na dTithe, ag an dara céim, go gairid.  Mar atá geallta sa Chlár Rialtais, tá i gceist go mbeadh an Bille achtaithe roimh dheireadh na bliana.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.