Written answers

Thursday, 10 September 2020

Department of Justice and Equality

Cumas Gaeilge sa Gharda Síochána

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

45. To ask the Tánaiste and Minister for Justice and Equality an bhfuil sé mar bheartas ag a Roinn a chinntiú go lonnófar comhaltaí den Gharda Síochána a bhfuil Gaeilge acu sna ceantair Ghaeltachta; cad é an líon comhaltaí den Gharda Síochána a bhfuil liúntas Gaeilge á fháil acu faoi láthair, agus cad iad na stáisiúin ina bhfuil siad lonnaithe; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [22387/20]

Photo of Helen McEnteeHelen McEntee (Meath East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar a thuigfidh tú, is é Coimisinéir na nGardaí agus a fhoireann bhainistíochta amháin atá freagrach as dáileadh acmhainní, lena n-áirítear pearsanra, i measc Ranna éagsúla na nGardaí agus níl aon ról díreach agamsa, mar Aire, san ábhar. Coinníonn bainistíocht na nGardaí dáileadh seo na n-acmhainní faoi shíor-athbhreithniú i gcomhthéacs threochtaí na coireachta agus tosaíochtaí póilínithe, chun a chinntiú go mbaintear an úsáid is fearr is féidir as na hacmhainní sin.

Tá an Garda Síochána lántiomanta do dhualgais na heagraíochta faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla agus Acht an Gharda Síochána, 2005, a chomhlíonadh.

Foráiltear le halt 33 d’Acht an Gharda Síochána, 2005, go gcinnfidh an Coimisinéir an modh ina bhfuil comhaltaí den Gharda Síochána le dáileadh agus le bheith ar stáisiún ar fud an Stáit. Agus an fheidhm sin á cur i gcrích, foráiltear leis an alt, thairis sin, go gcinnteoidh an Coimisinéir, a mhéid is féidir, go mbeidh comhaltaí den Gharda Síochána a bheidh ar stáisiún i gCeantar ina bhfuil limistéar Gaeltachta inniúil go leor sa Ghaeilge chun a chur ar a gcumas í a úsáid go saoráideach agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu.

Chun cuidiú leat, chuaigh mé i dteagmháil leis an gCoimisinéir agus tá curtha in iúl dom go bhfuiltear tar éis na bearta seo a leanas a dhéanamh le blianta anuas in iarracht chun a chinntiú go ndéantar Gardaí atá inniúil sa Ghaeilge a imlonnú i stáisiúin Ghaeltachta.

1. Beartas Earcaíochta

Rinne an Garda Síochána athrú ar a bheartas earcaíochta i 2013, trína ndéantar suas le 10% de gach grúpa nua a ghlactar isteach a chur in áirithe do chainteoirí líofa Gaeilge. Rinne an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí sainsruth Gaeilge a chur san áireamh i ngach comórtas nua, agus cuireann Gardaí a thagann isteach san eagraíocht de cheangal orthu féin roinnt blianta a chaitheamh i limistéar Gaeltachta tar éis dóibh oiliúint agus taithí leordhóthanach a fháil i stáisiún oiliúna, agus má mheasann a n-oifigeach Roinne gur cuí sin.

Bhíothas ag súil leis, tar éis an Sruth Gaeilge a chur ar bun, go mbeadh buíon mhór Gaeilgeoirí ar fáil ag an eagraíocht. Ní raibh mar thoradh ar an gcéad chomórtas earcaíochta inar seoladh an Sruth, áfach, ach 29 comhalta agus, ó shin i leith, ní dhearna ach líon beag iarratasóirí iarratas agus bhain amach na céimeanna deiridh i ngach feachtas ina dhiaidh sin – mar shampla, ní raibh mar thoradh ar an Sruth Gaeilge ón bhfeachtas earcaíochta deireanach ach 3 Gardaí faoi oiliúint, d’ainneoin go bhfuil 10% de na háiteanna á gcur in áirithe do chainteoirí líofa Gaeilge ag an eagraíocht.

Déanann an Garda Síochána gach iarracht chun comhaltaí ón Sruth Gaeilge a leithdháileadh chuig stáisiúin oiliúna i Roinn ina bhfuil Gaeltacht.

2. Treoir 49/2018 ón gCeanncheathrú – Painéal Gaeilge

Eisíodh Treoir 49/2018 ón gCeanncheathrú i 2018 chun a chinntiú go gcomhlíonfaí ár ndualgais reachtúla trí gan ligean ach do chomhaltaí atá líofa sa Ghaeilge aistriú go stáisiúin Ghaeltachta ar fud na tíre. Tá Painéal Gaeilge a forbraíodh le déanaí san áireamh sa bheartas nua, agus tá comhaltaí san áireamh ann ag grád Garda agus Sáirsint a léirigh spéis i bheith ag obair i Stáisiún Gardaí Gaeltachta agus a léirigh inniúlacht ag Leibhéal 4 nó níos airde i Measúnú Inniúlachta nua an Gharda Síochána sa Ghaeilge Labhartha.

Tá bealaí á mbreithniú ag an nGarda Síochána chun a chinntiú, bunaithe ar Threoir 49/2018 ón gCeanncheathrú, go mbeidh beartas éifeachtach leithdháilte acmhainní Gaeilge bunaithe do stáisiúin nach bhfuil i limistéar Gaeltachta ach a fhreastalaíonn ar phobal Gaeltachta.

Amhail de réir an phárolla is déanaí, tá 209 comhalta den Gharda Síochána ag fáil an liúntais Gaeltachta faoi láthair. Tá na comhaltaí sin lonnaithe sna Ranna seo a leanas, sna stáisiúin/oifigí atá liostáilte:

Gaillimh

Leacht Seoirse

An Cheathrú Rua

Cill Rónáin

Indreabhán

Maigh Cuilinn

Ros Muc

An Spidéal

Carna

An Mám

Órán Mór

Cloch na Rón

Gaillimh (Sráid an Mhuilinn)

Áth Cinn

An Clochán

Bóthar na Trá

Ceanncheathrú Réigiúin an Iarthuaiscirt, an Rinn Mhór

Dún na nGall

An Fál Carrach

An Bun Beag

An Clochán Liath

An Charraig

An Craoslach

Ard an Rátha

Carraig Airt

Dún Fionnachaidh

Na Gleannta

Bealach Féich

Cill Mhic Réanáin

Ciarraí

Daingean Uí Chúis

Baile an Fheirtéaraigh

Cathair Saidhbhín

Caisleán Ghriaire

Cill Orglan

An Caladh

An tSnaidhm

An Coireán

Maigh Eo

Gob an Choire

Béal an Mhuirthead

Gleann na Muaidhe

Iarthar Chorcaí

Baile Bhuirne

Béal Átha an Ghaorthaidh

An Chláir

Inis

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.