Written answers

Wednesday, 9 September 2020

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Maoiniú d'Fhoras na Gaeilge

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

122. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cad é a barúil maidir leis an maoiniú do Chlár na Leabhar Gaeilge a bheith laghdaithe faoina leath ó 2008; agus an bhfuil sé i gceist aici an maoiniú a thabhairt ar ais don chlár seo. [22799/20]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is í an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) a cheadaíonn na buiséid do na Forais Trasteorann uile, An Foras Teanga san áireamh. Mar gheall ar chúinsí polaitiúla i dTuaisceart Éireann, áfach, níorbh fhéidir cruinnithe CATT a eagrú ó lár 2016 i leith. Dá bhrí sin, cé nach bhfuil na buiséid i leith 2017 go 2020 ceadaithe go hoifigiúil go fóill, ó 2017 i leith, tá aontaithe ag na Ranna Airgeadais sa dá dhlínse go bhfeidhmeodh na Forais Trasteorann uile de réir na buiséid a cheadaigh an CATT ina leith don bhliain 2016.20

I mbliana, meastar go n-íocfaidh mo Roinn €11,087,184 (75% den ollbhuiséad ceadaithe ag CATT) le Foras na Gaeilge. Anuas air sin, cuirfidh mo Roinn maoiniú breise ar fáil d'Fhoras na Gaeilge i ndáil le nithe imfhálaithe mar a bhaineann le Clár na Leabhar Gaeilge (€1,061,165) agus Colmcille (€118,519). Is fiú a nótáil freisin go ligtear d'Fhoras na Gaeilge an t-ioncam breise a ghintear ó dhíol leabhar agus eile a choinneáil le caitheamh ar a chuid gníomhaíochtaí.

Tá i gceist go dtionólfar cruinniú CATT d'earnáil na teanga arís go gairid, tráth go ndéanfar na buiséad 2017 - 2020 a cheadú go foirmiúil agus go bpléifear gach gné de chúrsaí oibre an Fhoras Teanga, buiséid 2021 san áireamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.