Written answers

Wednesday, 9 September 2020

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Clár Éire Ildánach

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

120. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht conas a chuireann scéim na Scoileanna Ildánacha an Ghaeilge agus na healaíona teanga-bhunaithe chun cinn. [22796/20]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

121. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht conas a chuireann Éire Ildánach an Ghaeilge agus na healaíona teanga-bhunaithe chun cinn. [22797/20]

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 120 agus 121 le chéile.

Tionscnamh uile-Rialtais faoi stiúir mo Roinne atá i gClár Éire Ildánach atá bunaithe ar an gcultúr agus atá leagtha amach le folláine an duine aonair, an phobail agus an náisiúin a chur chun cinn. Is é an bunsmaoineamh go mbíonn páirt ag gach duine i ngníomhaíocht chultúrtha ina spreagadh ag an gcruthaitheacht phearsanta agus ag cruthaitheacht an chomhair, agus go mbíonn tionchar aici sin ar fholláine agus gnóthachtáil an duine aonair agus an tsochaí.

Is é Pobail Ildánacha an phríomh-mheicníocht trína gcuireann Clár Éire Ildánach tacaíocht ar fáil do ghníomhaíochtaí, imeachtaí agus cláir áitiúla agus déantar sin a chur ar fáil i gcomhar le gach údarás áitiúil.

Tá tacaíocht tugtha ag an gClár Éire Ildánach do gach ceann den 31 údarás áitiúil chun Straitéis 5 bliana don Chultúr agus don Chruthaitheacht a fhoilsiú tar éis comhairliúchán poiblí áitiúil, ar leith do gach ceantar údaráis áitiúil agus ina léirítear an réimse oibre i dtaobh cultúir agus cruthaitheachta a bhfuiltear ina bhun, fís agus luachanna an údaráis áitiúil chomh maith lena gcuid tosaíochtaí straitéiseacha. Tá Foireann Cultúir agus Cruthaitheachta bunaithe ag gach údarás áitiúil, arna stiúradh ag Comhordaitheoir Éire Ildánach, chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm a straitéise le tacaíocht maoinithe ó mo Roinnse agus ó mo chomhghleacaí, an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, araon.

Is faoi gach údarás áitiúil ar leith atá forbairt agus seachadadh na gclár áitiúil, bliantúil seo, chomh maith leis an méid maoinithe atá le leithroinnt ar gach imeacht ar leith.

I gcaitheamh an chéad dá bhliain iomlán de chur i bhfeidhm an Cholúin maidir le Pobail Ildánacha (2018 agus 2019), tá na tionscadail seo a leanas a chuireann an Ghaeilge chun cinn curtha ar fáil ag údaráis áitiúla:

- 2018 - rinne 20 údarás áitiúil 55 tionscadal, chomh maith le 4 cinn eile go sonrach do Chruinniú na nÓg, a fhorbairt; agus

- 2019 - rinne 11 údarás áitiúil 17 tionscadal, chomh maith le 1 amháin eile go sonrach do Chruinniú na nÓg, a fhorbairt.

Anuas air sin, mar chuid den cheiliúradh ar Chruinniú na nÓg na bliana seo, tháinig trí údarás áitiúil le cheile chun 'Branar Téatar do Pháistí' a choimisiúnú chun dánta agus rannta nua Gaeilge a chruthú, agus a craoladh ansin iad ar RTÉ 2 Dé Sathairn an 13 Meitheamh. Maidir le Cruinniú na nÓg na bliana seo chomh maith, thug mo Roinn féin tacaíocht do Great Lighthouses of Ireland agus Fighting Words a bheith ag teacht le chéile le haghaidh "Bí i do Choimeádaí Scéil", tionscnamh dátheangach inar tugadh cuireadh do leanaí 7-12 bhliain le scéal a chumadh, pictiúr a tharraingt nó beochan a dhéanamh ina raibh tionchar tithe solais le brath orthu.

I gcomhthráth le hobair na bPobal Ildánach, tá mo Roinnse ag obair i gcomhar leis an Roinn Oideachais agus Scileanna, an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige agus leis an gComhairle Ealaíon chun tacaíocht a chur ar fáil do réimse beart agus tionscnamh faoi Óige Ildánach. Tá siad seo dírithe ar dheiseanna níos fearr agus níos mó a chur ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga chun go mbeidh teacht acu ar ghníomhaíochtaí agus cláir don chruthaitheacht, agus ag tacú leo dá réir lena gcumas cruthaitheachta nádúrtha a aimsiú agus a fhorbairt, mar chuid dá bhforbairt phearsanta agus oideachais, cibé más laistigh den chóras oideachais nó a bpobail féin é.

Is é an tionscnamh Scoileanna Ildánacha príomhtionscnamh Óige Ildánach. Faoi stiúir na Comhairle Ealaíon, tá sé i gceist le Scoileanna Ildánacha tuiscint a fháil ar na healaíona agus ar an gcruthaitheacht sna scoileanna agus iad a fhorbairt agus a cheiliúradh trí thacú le scoileanna a 'bplean Scoil Ildánach' a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm, agus cuidiú leo an caidreamh atá acu leis an mbonneagar cultúir agus pobail níos leithne ina bhfuil siad ag feidhmiú a fhorbairt agus a neartú. As an 300 scoil a bhfuil éirithe leo go dtí seo a bheith páirteach sa chlár i ndiaidh glao ar iarratais atá oscailte do gach scoil, agus aithníodh 24 díobh sin mar scoileanna Gaeilge.

Maidir le líon tionscnamh eile a fhaigheann tacaíocht faoin gColún maidir le hÓige Ildánach áirítear gné shuntasach Gaeilge, ar nós:

- Fighting Words – tionscadal teagaisc agus meantóireachta don scríbhneoireacht chruthaitheach saor in aisce a bhfuil tacaíocht á fháil aige ó mo Roinn féin chun an tseirbhís a fhás agus an teacht atá air ar fud na tíre a mhéadú, lena n-áirítear Fighting Words Chonamara a bhunú, atá lonnaithe in Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh i Ros Muc, agus is i nGaeilge a thionóltar na ceardlanna. Cuireann an tacaíocht seo ar chumas Fighting Words é tuilleadh ceardlanna agus cláir Gaeilge a fhorbairt a bheadh ar fáil níos fairsinge ach iad a iarraidh.

- Clár nua faoi stiúir Sing Ireland é Youth Sing Ireland atá dírithe ar rannpháirtíocht chruthaitheach agus inbhuanaithe daoine óga san amhránaíocht agus sa cheol cóiriúil a spreagadh, lena n-áirítear ábhar acmhainní nua i nGaeilge nó de bhunús thraidisiún na hÉireann a fhorbairt.

Tá comhpháirtíocht dhíreach déanta ag Clár Éire Ildánach le hEalaín na Gaeltachta Teo chun tacaíocht bhreise a chur ar fáil dá chuid gníomhaíochtaí tar éis chomh maith is a d'éirigh lena n-iarratas chuig an gCiste Náisiúnta Cruthaitheachta. Thug Clár Éire Ildánach tacaíocht do thionscadal “Garraí an Ghiorria” Ealaín na Gaeltachta, ceann de thríocha tionscadal a roghnaíodh chun maoiniú a chur ar fáil dóibh. Tionscadal é seo a éascóidh coiste ar a mbeidh maoinitheoirí ábhartha ar amharclannaíocht i nGaeilge agus ar na healaíona traidisiúnta béil chun (i) straitéis trí bliana ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe a dhéanamh ar amharclannaíocht i nGaeilge agus na traidisiúin béil mar scéalaíocht, amhránaíocht ar an sean-nós, lúibíní agus agallamh beirte, a fhorbairt (ii) chun tabhairt faoi iniúchadh cuimsitheach ar an earnáil amharclannaíochta agus ar na tacaíochtaí atá ar fáil maidir le scéalaíocht i nGaeilge, amhránaíocht ar an sean-nós, lúibíní agus agallamh beirte, agus (iii) chun straitéis trí bliana a chomhordú agus a chur i láthair (atáthar ag súil leis gan mhoill).

Chomh maith leis sin, mar fhreagra díreach ar ghéarchéim COVID-19, bhí m'oifigigh sa Chlár Éire Ildánach ag obair freisin le réimse páirtithe chun tacaíochtaí breise a chur ar fáil mar chuid de phacáiste Spreagtha mhí Iúil an Rialtais. Áirítear ann, €250,000 breise a chur fáil d'Ealaín na Gaeltachta chun maoiniú atá ar fáil do dhaoine aonair nó d'eagraíochtaí araon, atá páirteach in earnáil na n-ealaíon, an chultúir agus na cruthaitheachta, a mhéadú, d'fhonn deiseanna níos mó agus níos fearr a chur ar fáil do phobail áitiúla sa Ghaeltacht chun go mbeidís rannpháirteach sna healaíona, sa chultúr agus sa chruthaitheacht mar aon le taithí a fháil ina leith. Bainfear seo amach trí líon sparánachtaí a bhronntar ar ealaíontóirí gairmiúla/cleachtóirí cruthaitheacha a mhéadú faoi “Scéim Sparánachta sna hEalaíona” agus trí thacú le tionscadail bhreise faoi Scéim "Forbartha na nEalaíon”. Príomhní eile a bhainfidh leis an tacaíocht seo ná líonrú agus comhoibriú idir Ealaín na Gaeltachta (mar aon lena cuid tionscadail/tionscnaimh a dtugtar tacaíocht dóibh) le réimse tionscnamh agus cláir i gceantair Ghaeltachta a dtugann Clár Éire Ildánach tacaíocht dóibh a neartú agus a láidriú (níos mó idirchaidrimh le Comhordaitheoirí Éire Ildánach, Scoileanna Ildánacha, etc.).

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.