Written answers
Wednesday, 22 July 2020
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Forbairt na nOileán
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
54. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an pholasaí atá beartaithe do na hoileáin agus cén uair a bheidh an polsaí sin foilsithe; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [17383/20]
Jack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mar is eol don Teachta, bhunaigh an Rialtas coiste idir-Rannach do na hoileáin i mí Iuil 2019 agus, ag eascairt as cruinnithe den choiste seo, aontaíodh ar phlean oibre chun polasaí oileánda a ullmhú.
Mar chuid den phróiseas seo, réitíodh agus foilsíodh plépháipéar le hionchur ó na ranna stáit éagsúla. Leag an plépháipéar amach eolas faoi na seirbhísí atá ar fáil do na hoileáin cheanna féin a bheadh mar áis don phróiseas comhairliúchán.
Ó mhí Eanáir ar aghaidh, d'eagraigh oifigigh ó mo Roinn sraith cruinnithe comhairliúcháin chun deis a thabhairt do phobail na n-oileán a gcuid tuairimí faoin bpolasaí agus faoi riachtanais na n-oileán a nochtadh.
Go dtí seo, tionóladh cruinnithe ar aon oileán dhéag mar seo a leanas:
Oileáin | Dáta |
---|---|
Inis Arcáin | 9 Eanáir 2020 |
Faoide | 10 Eanáir 2020 |
Baoi | 10 Eanáir 2020 |
An t-Oileán Mór | 17 Eanáir 2020 |
Inis Oírr | 22 Eanáir 2020 |
Inis Mór | 29 Eanáir 2020 |
Inis Meáin | 30 Eanáir 2020 |
Inis Uí Dhrisceoil | 7 Feabhra 2020 |
Inis Fada | 7 Feabhra 2020 |
Cléire | 7 Feabhra 2020 |
Árainn Mhór | 13 Feabhra 2020 |
B'éigean do mo Roinn an próiseas comhairliúcháin phoiblí a chur ar athló de bharr na géarchéime COVID-19. Socrófar cruinnithe ar na hoileáin eile a luaithe agus is féidir.
Is próiseas cuimsitheach comhairliúcháin atá ar siúl agus is í an chéad chéim eile sa phróiséas ná cruinnithe a thionól le páirtithe leasmhara eile, eagrais agus Ranna Stáit san áireamh, a chuireann seirbhísí ar fáil do na hoileáin.
No comments