Written answers

Wednesday, 22 July 2020

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Caiteachas Gaeilge agus Gaeltachta

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

53. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil plean ag a Roinn chun tacaíocht airgeadais a chur ar fáil d’Ionaid Phobail sa Ghaeltacht atá ag cailleadh amach ar airgead a saothraíodh a bhuí le Colaistí Samhraidh Gaeltachta, a bhí in ainm is a bheith ar siúl an samhradh seo, a bheith curtha ar ceal. [17403/20]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Aithníonn mo Roinn gur tréimhse dhúshlánach í seo do pobal na Gaeltachta i gcoitinne de dheasca Covid-19.

D'fhógair mo Roinn le gairid go raibh ciste éigeandála aon uaire ar fiú €4.7m chun tacú le cobhsú earnáil na gcoláistí samhraidh Gaeilge sa Ghaeltacht. Tagann an tionscnamh seo tar éis gur fhógair mo Roinn ar an 20 Aibreán 2020 nach reáchtálfaí aon chúrsa foghlama Gaeilge sa Ghaeltacht an samhradh seo de bharr na paindéime Covid-19, ar mhaithe le sláinte phoiblí a chosaint.

Faoin gciste cobhsaithe atá fógartha, cuirfear tacaíocht ar fiú suas le €3.1m é i dtreo údaráis na gcoláistí le cur ar a gcumas táillí/éarlais a aisíoc le tuismitheoirí agus cuirfear €1.6m ar fáil chun tacú leis an 700 teaghlach Gaeltachta incháilithe a chuireann lóistín deimhnithe ar fáil dóibh siúd a fhreastalaíonn ar cheann de na 42 coláiste samhraidh Gaeilge sa Ghaeltacht a bhfuil aitheantas acu faoin scéim.

Maidir leis na hallaí pobail, is tríd a cuid scéimeanna caipitil a chuireann mo Roinn tacaíocht airgid ar fáil do phobail áitiúla chun áiseanna pobail agus chaitheamh aimsire a fhorbairt.

Cé nach bhfuil aon scéim ná ciste ag an Roinn faoina bhféadfaí cúnamh reatha a chur ar fáil do hallaí agus ionaid phobail, is féidir a bheith cinnte go leanfaidh mo Roinn ag cabhrú mar is cuí le cúnamh caipitil a chur ar fáil faoina Clár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga ar leas na hallaí agus ionaid pobail.

Chas oifigigh mo Roinne le toscaireacht ó hallaí pobail i nGaeltacht Chonamara le gairid agus pléadh na hábhair imní atá acu. Beidh an scéal ar fad á choinneáil faoi bhreithniú ag mo chuid oifigigh agus tuigim go bhfuil beartaithe cruinniú eile a shocrú go luath.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.