Written answers

Thursday, 24 October 2019

Department of Education and Skills

Oideachas Gaeilge

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

107. To ask the Minister for Education and Skills an bhfuil sé i gceist aige polasaí a fhoilsiú maidir leis an Oideachas lán-Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht agus le teagasc na Gaeilge i ngach scoil; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44014/19]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta Dála, tá Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030 i bhfeidhm ag an Rialtas cheana féin.  Is é aidhm na físe atá leagtha amach sa straitéis sin ná úsáid na Gaeilge agus an t-eolas ar an nGaeilge mar theanga phobail a mhéadú ar bhonn incriminteach agus a chinntiú go mbeidh an oiread saoránach agus is féidir dátheangach sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon. Cé go ndírítear go mór sa Straitéis ar sheasamh na teanga a neartú laistigh dár gcóras oideachais, baineann ríthábhacht leis an nGaeilge a tharchur mar theanga bheo laistigh den teaghlach agus ó ghlúin go glúin freisin.  Is é cur chuige foriomlán an Rialtais ná creat tacúil a fhorbairt agus deiseanna a chruthú inar féidir an Ghaeilge a thabhairt ar aghaidh ar bhealach nádúrtha laistigh de theaghlaigh agus de phobail.

Ina theannta sin, tar éis próiseas comhairliúcháin a sheoladh, tharla sé i mí an Mheithimh 2018 gur fhoilsigh an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Plean Gníomhaíochta don Ghaeilge. Is plean gníomhaíochta 5 bliana é sin a bhfuil mar aidhm leis creat comhtháite comhleanúnach a sholáthar chun tacú le cur chun feidhme na Straitéise 20 Bliain agus dírítear ann ar ghníomhartha sonracha, intomhaiste, inghnóthaithe, réadúla agus amshonracha atá le cur chun feidhme thar an tréimhse cúig bliana suas go dtí an bhliain 2022.

Tá an Rialtas seo tiomanta do na haidhmeanna atá leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 a chur ar aghaidh agus do chur chun feidhme a dhéanamh ar na gníomhartha atá sainaitheanta don Oideachas, mar atá leagtha amach sa Phlean Gníomhaíochta cúig bliana don tréimhse 2018-2022.

Ina theannta sin, thug an Roinn Oideachais Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 isteach agus tá an Polasaí á chur chun feidhme aici faoi láthair. 

Maidir le teagasc na Gaeilge sna scoileanna uile, tugadh faoi roinnt gníomhartha, a bhfuil na cinn seo a leanas ina measc:

- Forbraíodh Curaclam nua Teanga na Bunscoile do gach rang idir rang na Naíonán Sóisearach go rang a sé agus tá sé á chur i bhfeidhm faoi láthair.

- Tá tacaíocht chuimsitheach á tabhairt ag seirbhísí tacaíochta forbartha gairmiúla na Roinne Oideachais do mhúinteoirí chun tacú le Curaclaim agus sonraíochtaí nua a chur chun feidhme, agus forbraíodh acmhainní agus eiseamláirí chun cabhrú le scoileanna ina leith sin.

- Tugadh sonraíochtaí nua isteach do Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí agus foilsíodh treoirlínte measúnaithe do Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí.

- Tá athbhreithniú ar siúl ar Ghaeilge na hArdteistiméireachta agus tá dréachtsonraíochtaí le bheith réidh le comhairliúchán poiblí i ráithe 4 den bhliain 2019.

- Tá treoirthionscadal 3 bliana á chur ar aghaidh chun forbairt a dhéanamh ar chur chuige CLIL (Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha) i leith an Ghaeilge a theagasc agus a fhoghlaim ar leibhéal na Luathbhlianta, na Bunscoile agus na hIar-bhunscoile agus chun tacú leis an gcur chuige a chur chun feidhme.

- D’fhorbair an Roinn córas nua próiseála pátrúnachta ar líne, lena gcuirtear faisnéis oibiachtúil ar fáil agus lena gcumasaítear do thuismitheoirí a sainrogha phearsanta a chur in iúl i dtaca leis an tsamhail pátrúnachta agus le teanga an teagaisc sna scoileanna nua atá á mbunú.

- Mhéadaigh mé cistiú chun tacú leis an gclár Gaelbhratach. Is clár tacaíochta do gach cineál scoile ar leibhéal na bunscoile agus na hiar-bhunscoile é sin agus tá sé mar aidhm leis an Ghaeilge a chur chun

cinn ar bhealach struchtúrtha, pleanáilte agus taitneamhach. 

- Tosaíodh dhá cheann nua de chláir oideachais mhúinteoirí trí Ghaeilge ar mhaithe le méadú a dhéanamh ar an líon múinteoirí a bhfuil cumas acu Gaeloideachas ar ardchaighdeán a sholáthar i scoileanna.

Tá an Ghaeilge ina cuid dár gcultúr agus dár n-oidhreacht agus tá sé mar thosaíocht ag an Rialtas seo an teanga a chur chun cinn agus a chosaint.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.