Written answers

Thursday, 24 October 2019

Department of Education and Skills

Oideachas Riachtanas Speisialta

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

106. To ask the Minister for Education and Skills an mbaineann an ciorclán a foilsíodh le gairid maidir le díolúine ón nGaeilge a fhoghlaim le ranganna speisialta i scoileanna Gaeltachta agus leis an scoil speisialta i nGaeltacht Chonamara; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44013/19]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Leagtar amach i gciorcláin 52/2019 agus 53/2019 maidir le díolúintí ó staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge gur maidir le scoileanna lán-Bhéarla amháin a bheidh feidhm ag na socruithe athbhreithnithe agus, dá bhrí sin, ní bheidh feidhm a thuilleadh ag díolúintí ó staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge maidir le scoileanna a bhfuil Gaeilge ar an teanga teagaisc iontu.

I gcás go bhfuil ag daltaí cheana féin aon díolúintí a deonaíodh faoi théarmaí na gciorclán roimhe, beidh feidhm ag na díolúintí sin fós go dtí go mbeidh a n-oideachas iar-bhunscoile curtha i gcrích ag na daltaí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.