Written answers
Friday, 6 September 2019
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Pleanáil Teanga
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
2048. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé na ceantair sa Ghaeltacht a bhfuil airgead reatha pleanála teanga ceadaithe dóibh ag Údarás na Gaeltachta le pleananna teanga a chur i bhfeidhm iontu; cé mhéad airgid atá ceadaithe in aghaidh na bliana i ngach cás; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [36888/19]
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Chun freastal a dhéanamh ar fheidhmiú rathúil an phróisis pleanála teanga sa Ghaeltacht, ceadaíonn Údarás na Gaeltachta maoiniú do cheanneagraíochtaí pleanála teanga ar fiú idir €100,000 agus €150,000 sa bhliain é, ag brath ar chritéir cháilithe faoi leith.
Léiríonn an tábla a leanann, an dáileadh airgid atá i gceist i leith an 16 limistéar a bhfuil pleananna ceadaithe ina leith go dtí seo faoin bpróiseas:
Limistéar Pleanála Teanga | Maoiniú Ceadaithe in aghaidh na bliana (suas le) |
---|---|
Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire & Loch an Iúir | €150,000 |
Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh | €100,000 |
Cois Fharraige | €150,000 |
Múscraí | €100,000 |
Na Déise | €100,000 |
Ciarraí Theas | €100,000 |
Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh | €100,000 |
An Cheathrú Rua | €100,000 |
Maigh Eo Thuaidh | €100,000 |
Árainn Mhór | €100,000 |
Ciarraí Thiar | €150,000 |
Conamara Láir | €150,000 |
Ráth Chairn & Baile Ghib | €100,000 |
Dún na nGall Theas | €100,000 |
Ceantar na nOileán | €100,000 |
Tuaisceart Dhún na nGall | €100,000* |
No comments