Written answers
Friday, 6 September 2019
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Seirbhísí agus Tacaíochtaí Gaeilge
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
2047. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cad iad na céimeanna atá tógtha aici lena dhéanamh cinnte go bhfuil dóthain daoine ar fáil ina Roinn le seirbhísí a chur ar fáil dóibh siúd ar mian leo a ngnóthaí a dhéanamh trí Ghaeilge leis an státseirbhís; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [36887/19]
Josepha Madigan (Dublin Rathdown, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá sé curtha in iúl dom go bhfuil 71 ball den fhoireann i mo Roinn ábalta seirbhís chur ar fáil trí Ghaeilge. Tá mo Roinn tiomanta seirbhís ar ardchaighdeán a chur ar fáil trí Ghaeilge agus/nó go dátheangach do chustaiméirí na Roinne. Tacaíonn an Roinn le baill foirne atá ag iarraidh a gcuid scileanna Gaeilge a fheabhsú beag beann ar a leibhéal líofachta - ó chúrsaí oiliúna do thosaitheoirí go dtí cúrsaí acadúla tríú leibhéal a dtacaítear leo faoi Scéim Aisíoc Táillí Acadúla na Roinne. Chomh maith leis sin cuirtear chun cinn go gníomhach an Teastas i nGaeilge Ghairmiúil, clár páirtaimseartha a chuireann Gaelchultúr ar fáil chun cuidiú le fostaithe san earnáil phoiblí leibhéal níos airde seirbhísí a chur ar fáil do chustaiméirí trí Ghaeilge. Tá suas le 20 ball foirne cláraithe ar chúrsaí Gaeilge go dtí seo i mbliana agus táthar ag súil go dtabharfaidh 19 eile faoi staidéar i dtéarma an Fhómhair.
No comments