Written answers

Wednesday, 16 January 2019

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Scéimeanna Teanga

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

59. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén tuairim atá aici faoin gcaoi a bhfuil ag éirí leis an gcraoltóir náisiúnta RTÉ a phlean teanga a chur i bhfeidhm agus a dhualgais i leith na teanga náisiúnta a chomhlíonadh. [1675/19]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tháinig an chéad scéim teanga de chuid RTÉ faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 i bhfeidhm ar 01 Meán Fómhair 2015. Tá an dara scéim dá gcuid curtha faoi bhráid na Roinne agus táthar ag súil léi a bheith ceadaithe go luath. Tá an cúram maidir le monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na scéimeanna teanga ar Oifig an Choimisinéara Teanga.

Ina theannta sin, ceadaíodh deontas i leith réimse Gnímh Dhigiteacha RTÉ mar chuid de Phlean Gníomhaíochta Gaeilge RTÉ thar tréimhse 3 bliana, 2016-2018. Tá deontas de €210,000 íoctha ag mo Roinn i leith an togra seo agus tá mo Roinn sásta go bhfuil an méid a bhí beartaithe curtha i gcrích anois.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.