Written answers

Wednesday, 19 December 2018

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

An Foras Teanga

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

594. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé mhéad airgid atá curtha ar fáil i meastacháin 2019 don Fhoras Teanga, agus é briste síos idir Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise; an bhfuil sí sásta leis an maoiniú atá á chur ar fáil don dá ghníomhaireacht sin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [53941/18]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Dírím aird an Teachta ar mo fhreagra ar Cheist Dála 684 den 20 Samhain 2018 a leagann amach na fíricí maidir le meastacháin 2019 don bhForas Teanga.

Is í an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) a cheadaíonn na buiséid do na Forais Trasteorann uile, An Foras Teanga san áireamh. Mar gheall ar chúinsí polaitiúla i dTuaisceart Éireann, áfach, níorbh fhéidir cruinnithe CATT a eagrú ó lár 2016 agus, dá bhrí sin, níl na buiséid i leith 2017, 2018 agus 2019 ceadaithe go hoifigiúil go fóill. Idir an dá linn, tá sé aontaithe ag na Ranna Airgeadais sa dá dhlínse go bhfeidhmeodh na Forais Trasteorann uile sna blianta 2017 agus 2018 de réir na buiséid a cheadaigh an CATT ina leith don bhliain 2016.

Is mar seo a leanas na buiséid a cheadaigh an CATT don bhForas Teanga i 2016:

- €14,782,911 (£10,348,038) i gcás Fhoras na Gaeilge, á chómhaoiniú 75% ó mo Roinnse agus 25% ón Roinn Pobal i dTuaisceart Éireann; agus

- £3,347,048 (€2,342,933) i gcás Ghníomhaireacht na hUltaise, á chómhaoiniú 25% ó mo Roinnse agus 75% ón Roinn Pobal i dTuaisceart Éireann.

Anuas air sin, cuireann mo Roinn maoiniú breise ar fáil d'Fhoras na Gaeilge i ndáil le nithe imfhálaithe mar a bhaineann le Clár na Leabhar Gaeilge (buiséad €1.061m i 2018) agus Colmcille (buiséad €118,519 i 2018).

San ollchomhthéacs sin, is é €14.028m an soláthar sna Meastacháin Athbhreithnithe 2018 ó dheas chun freastal ar na búiséid a bheidh ceadaithe ag an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas amach anseo don bhForas Teanga, mar aon le maoiniú imfhálaithe i leith Chlár na Leabhar Gaeilge, Cholmcille agus maoiniú aon-uaire a bhain le Bhliain na Gaeilge 2018. Is é €13.323m an soláthar i Meastacháin 2019 do na nithe céanna, seachas Bliain na Gaeilge.

Ní foláir dom a rá freisin go bhfuiltear ag fanacht le treoir ó na Ranna Airgeadais maidir le cur chuige aontaithe do na Foras Trasteorann sa bhliain 2019. Ar ndóigh, ní bheidh soiléiriú ar chúrsaí meastacháin ó thuaidh i gcoitinne ar fáil go ceann tamaill eile ós rud é nach dtosaíonn an bhliain airgeadais ó thuaidh go dtí mí Aibreáin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.