Written answers

Wednesday, 19 December 2018

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

593. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé mhéad airgid breise a bheartaítear a chur ar fáil chun an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge a chur i ngníomh in 2019; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [53940/18]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is í an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030 bunchloch pholasaí an Rialtais i leith na Gaeilge. Tá úinéireacht tras­Rannach ag an Straitéis agus baineann an fhreagracht as í a chur i bhfeidhm dá réir le raon Ranna Rialtais, forais agus eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta. Is ar mo Roinn-se atá an fhreagracht iomlán as cur chun feidhme na Straitéise a chomhordú.

Tá cur i bhfeidhm na straitéise agus, go deimhin, Plean Gníomhaíochta 2018-2022d’fheidhmiú na Straitéise a foilsíodh níos túisce i mbliana lárnach i gcláir agus i ngníomhaíochtaí éagsúla mo Roinne mar a bhaineann le gnóthaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Cuireadh maoiniú breise de €5m ar fáil do mo Roinn i leith ghnóthaí Gaeilge, Gaeltachta agus Oileánda i gCainaisnéis 2019. Is fiú €67.5m dá réír an ciste iomlán airgid a bheidh le caitheamh sa réimse seo in 2019.

San áireamh tá:

- Ciste faoi leith ar fiú €3.25m in iomlán é curtha ar fáil in 2019 do chur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga. Is ionann é seo agus ardú €0.6m thar an méid a bhí luaite leis an gciste seo in 2018. Caithfear an ciste ag tacú le hullmhú agus le feidhmiú pleananna faoin bpróiseas chomh maith le bearta sonracha a dhéanamh ar bhonn lárnach a bheidh ar leasa an phróisis - go háirithe mar a bhaineann sé le le gnothaí teaghlaigh, na luatbhlianta agus na n-ealaíon tradisiúnta teangalárnaithe.

- €1.5m breise curtha ar fáil d’Údarás na Gaeltachta chun infheistíocht bhreise a dhéanamh i gcothabháil agus i gcruthú post i gceantair Ghaeltachta, rud a fhágann gurb é €8.5m (méadú 21% ar 2018) an leithdháileadh iomlán caipitil don eagraíocht;

- €0.5m sa bhreis i maoiniú reatha d’Údarás na Gaeltachta chun tacú tuilleadh le comharchumainn agus eagraíochtaí forbartha pobail sa Ghaeltacht den chuid is mó;

- Leithdháileadh breise de €0.5m faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga de chuid na Roinne chun tacú tuilleadh leis an bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht.

- Suim bhreise de €580,000 le haghaidh Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge mo Roinne lasmuigh den Ghaeltacht.

- Leithdháileadh breise de €1.5m chun forbairt a dhéanamh ar infreastruchtúr na gcuan afhreastalaíonn ar na hOileáin Árainn agus ar Thoraigh agus chun seirbhísí ríthábhachtacha iompair chuig na hoileáin a sholáthar.

San áireamh i gCáinaisnéis 2019, tá suim de €13.323m le cur ar fáil don Fhoras Teanga, a chuimsíonn Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise. Tá na figiúirí seo faoi réir chomhaontú na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas i gcás an Fhorais Teanga.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.