Written answers

Tuesday, 18 December 2018

Department of Education and Skills

Oiliúint Múinteoirí

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

234. To ask the Minister for Education and Skills an bhfuil sé i gceist aige an deontas a d’íoctaí le hábhair múinteoirí chun tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht mar chuid dá gcúrsa a thabhairt ar ais [53170/18]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Glacadh leis an gcinneadh stop a chur leis na deontais do shocrúcháin Ghaeltachta le linn na géirchéime eacnamaíochta nuair a tharla, ar an drochuair, go raibh cinntí an-deacair le déanamh chun gnóthaí airgeadais an náisiúin a chobhsú. Tugadh tosaíocht d’acmhainní bunlíne na seirbhísí oideachais a chosaint chomh fada agus a d’fhéadfaí a leithéid a dhéanamh.

Ba chóir don Teachta a thuiscint, chun cuidiú le costais na socrúcháin Ghaeltachta, gur féidir le mic léinn a bhfuil deontas mac léinn á fháil acu lena n-áirítear deontas táille 100%, nó a bheadh incháilithe do dheontas iomlán don táille murach Scéim na dTáillí Saor in Aisce, iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú do chostais taistil agus cothabhála faoin ngné a bhaineann le turas allamuigh den deontas táille, faoi réir ag gnáth théarmaí agus coinníollacha scéim deontais na mac léinn.

Lasmuigh de sin, i gcúinnsí a bhaineann le riachtanas géarghá ar leith, is féidir le mic léinn iarratas tacaíochta a dhéanamh faoin gCiste Cúnaimh do Mhic Léinn. Tá fáil ar eolas faoin gciste seo tríd an Oifigeach Rochtana san institiúid tríú leibhéal ar a bhfuiltear ag freastal.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.