Written answers
Tuesday, 16 October 2018
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
689. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht maidir leis an ngrúpa sinsearach d'oifigigh ardleibhéil ó Ranna cuí, a bhfuil cúraimí maoirseachta orthu i dtaobh an phlean gníomhaíochta don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, ar tháinig sé le chéile go fóill agus, má tháinig, cá mhéad uair. [42158/18]
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mar is eol don Teachta leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta 2018-2022, a foilsíodh i mí Meitheamh 2018, an cur chuige úr a bheidh i bhfeidhm maidir le monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú an Phlean. Glacaim leis mar sin, go bhfuil an Teachta ag tagairt don Choiste Stiúrtha a bhunófar mar chuid den cur chuige sin.
Maidir leis sin, tá áthas orm a chur in iúl don Teachta go bhfuil bunú an choiste sin idir lámha cheana féin ag mo Roinn i dtreo an chéad chruinniú den choiste a thionól go luath.
No comments