Written answers

Tuesday, 16 October 2018

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Foras na Gaeilge

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

684. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cad iad na príomhtháscairí feidhmíochta atá ag Foras na Gaeilge don ghearrthéarma agus don fhadtéarma. [42152/18]

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

685. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cad iad na príomhtháscairí feidhmíochta atá á mbaint amach go rialta ag Foras na Gaeilge. [42153/18]

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

686. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé na gníomhartha atá á mbaint amach ag Foras na Gaeilge, ag eascairt as an eolas atá bailithe acu maidir le dul chun cinn, nó a mhalairt, a gcuid príomhtháscairí feidhmíochta. [42154/18]

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

687. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cad iad na príomhtháscairí feidhmíochta le haghaidh na n-eagraíochtaí atá ag fáil deontas ón bhForas agus conas a dhéantar a n-aschur a thomhas. [42155/18]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 684, 685, 686 agus 687 le chéile.

Faoin Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999, tá ról reáchtúil ag Foras na Gaeilge chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn uile-oileáin agus feidhmeanna a chur i gcrích mar seo a leanas:-

- úsáid na Gaeilge a éascú agus a spreagadh sa chaint agus sa scríbhneoireacht sa saol poiblí agus sa saol príobháideach;

- comhairle a thabhairt don dá lucht riaracháin, do chomhlachtaí poiblí agus do ghrúpaí eile san earnáil phríobháideach agus dheonach;

- tionscadail tacaíochta a ghabháil de láimh, agus cúnamh deontais a thabhairt do chomhlachtaí agus do ghrúpaí de réir mar a mheasfar is gá;

- taighde, feachtais tionscnaimh, agus caidreamh poiblí agus caidreamh leis na meáin, a ghabháil de láimh;

- téarmaíocht agus foclóirí a fhorbairt; agus

- tacú le hoideachas trí mheán na Gaeilge agus le múineadh na Gaeilge.

Faoin reachtaíocht chéanna, caithfidh Foras na Gaeilge plean gnó bliana agus plean corparáideach trí bliana a aontú leis na Ranna Urraíochta agus leis an Ranna Airgeadais sa dá dhlínse roimh chead na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) a lorg. Sna pleananna sin, leagtar síos spriocanna agus táscairí feidhmíochta i ndáil le clár oibre Fhoras na Gaeilge agus déantar tuairisc ar an dul chun cinn ag gach cruinniú den CATT. Cé nach bhfuil an CATT ag feidhmiú i láthair na huaire, tuigtear dom go bhfuil Foras na Gaeilge ag feidhmiú de réir na ndréachtphleananna cuí agus go ndéantar tuairisc ar an dul chun cinn ag cruinnithe monatóireachta leis na Ranna Urraíochta gach ráithe.

Tá eolas maidir le gníomhaíochtaí Fhoras na Gaeilge ar fáil ar shuíomh na heagraíochta ag www.forasnagaeilge.ie.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

688. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cá mhéad uair in aghaidh na bliana, le cúig bliana anuas, a chuaigh sise, nó an tAire Stáit, i dteagmháil le Foras na Gaeilge maidir le billí rialtais. [42156/18]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, tá ról reáchtúil ag Foras na Gaeilge faoin Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999 chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn uile-oileáin. I measc na bhfeidhmeanna sin, tá dualgas ar Fhoras na Gaeilge comhairle a chur ar fáil don lucht riaracháin mar aon le tacú le hoideachas trí mheán na Gaeilge agus le múineadh na Gaeilge

Sa chomhthéacs sin, bhí feidhmeannaigh mo Roinne i dteagmháil le Foras na Gaeilge maidir leis an mBille Oideachais (Iontráil Scoileanna) 2017 ar mhaithe le tuairimí tomhaiste a chur ar fáil don Roinn Oideachais agus Scileanna ina leith.

Ar ndóigh, bíonn feidhmeannaigh mo Roinne i dteagmháil le Foras na Gaeilge i ndáil le ceisteanna ginearálta a bhaineann leis an Ghaeilge ar bhonn leanúnach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.