Written answers

Tuesday, 26 June 2018

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

67. To ask the Taoiseach and Minister for Defence an bhfuil oifigeach Gaeilge ceaptha dá Roinn; an post lánaimseartha atá ann nó an bhfuil dualgais bhreise ar an oifigeach Gaeilge; cén grád atá ag an oifigeach Gaeilge; an bhfuil sé nó sí ábalta a ghnó nó a gnó a dhéanamh trí Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [27804/18]

Photo of Paul KehoePaul Kehoe (Wexford, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is beag idirghníomhú a bhíonn ag an Roinn le daoine as an bpobal tríd is tríd agus, dá bharr sin, ní bhíonn éileamh mór ar sheirbhísí trí mheán na Gaeilge. Mar a fhoráiltear ina Scéim Teanga reatha agus roimhe seo, faigheann an Roinn cabhair ó lucht pearsanra atá bunaithe ar bhonn deonach chun cuidiú le Brainsí na Roinne seirbhísí a sholáthar trí mheán na Gaeilge agus chun dul i ngleic le hidirghníomhú le custaiméirí más gá. Sa chomhthéacs sin, ní theastaíonn Oifigeach Gaeilge ar leith ón Roinn seo.

Tá cúigear lucht pearsanra sa ghrúpa faoi láthair atá sásta cuidiú le soláthar seirbhísí trí Ghaeilge agus is leor é sin chun freastal ar na riachtanais atá ag teacht chun cinn. Déantar athbhreithniú leanúnach ar an ngrúpa oibrithe deonacha sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.