Written answers
Wednesday, 21 March 2018
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
349. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sé i gceist ag a Roinn aon ardú a dhéanamh ar an deontas a íoctar leis na Mná Tí/Fir Tí a choinníonn scoláirí faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge. [13169/18]
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Faoi mar is eol don Teachta, íocann mo Roinnse deontas faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge le teaghlaigh cháilithe a choinníonn foghlaimeoirí Gaeilge ar iostas le linn dóibh a bheith ag freastal ar choláistí Gaeilge aitheanta fud fad na Gaeltachta.
Ós rud é gur ardaíodh an deontas laethúil atá iníochta faoin scéim go dtí €10 in 2017 - an chéad ardú le sé bliana - níl sé i gceist an deontas a ardú arís i mbliana.
No comments