Written answers
Wednesday, 21 March 2018
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Scoileanna Gaeltachta
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
348. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sé i gceist ag a Roinn maoiniú breise a chur ar fáil ó Mheán Fómhair 2018 chun breis cúntóirí teanga a cheapadh sna scoileanna Gaeltachta agus chun breis uaireanta saibhrithe teanga a cheadú, á chur san áireamh an obair atá ar bun sna scoileanna Gaeltachta ó thaobh an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta a chur i bhfeidhm. [13168/18]
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ar mhaithe lena chinntiú go bhfuil Scéim na gCúntóirí Teanga ag feidhmiú ar an gcaoi is fearr is féidir mar thaca don phróiseas pleanála teanga agus don Pholasaí don Oideachas Gaeltachta araon, tá mo Roinn ag tabhairt faoi athbhreithniú ar an scéim faoi lathair.
Chuige sin, d'eisigh an Roinn Iarratas Tairisceana ar etenders.ie ar an 5 Feabhra 2018 chun dream a roghnú le tabhairt faoin athbhreithniú. Tá measúnú á dhéanaamh faoi láthair ar na tairiscintí a fuarthas i dtreo tús a chur leis an obair gan mhoill. Ós rud é go bhfuil éileamh thar na bearta ó scoileanna Gaeltachta le bheith rannpháirteach sa scéim, beifear ag súil leis, de thoradh an athbhreithnithe, go mbeifear in ann aghaidh a thabhairt ar ar an éileamh sin nuair atá torthaí an atbhreithnithe faoi lámh ag an Roinn.
Tá sé mar aidhm tús a chur le feidhmiú thorthaí an atbhreithnithe sa scoilbhliain 2018/19.
No comments