Written answers

Wednesday, 28 February 2018

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Feabhsú Céibheanna

Photo of Pat GallagherPat Gallagher (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

70. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cad iad na pleananna atá aici chun feabhas a chur ar Ché na Reannaí ar Athphort ar oileán Árainn Mhór; an dtabharfaidh sí sonraí maidir leis na pleananna chun an togra a thabhairt chun críche; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [9817/18]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá deontais éagsúla ceadaithe ag mo Roinn thar na blianta don togra atá luaite ag an Teachta.  Idir na blianta 2001 agus 2006, ceadaíodh deontais de luach €217,666 chun réamhthuarascáil a ullmhú maidir le forbairt na cé.  Sa bhliain 2008, cheadaigh mo Roinn deontas €240,185 chun a chumasú do Chomhairle Chontae Dhún na nGall innealtóirí comhairleacha a cheapadh don tionscadal.  Bhí an dearadh, ullmhú doiciméid tairisceana agus lorg tairiscintí i measc na n-oibreacha a bhí le cur i gcríoch ag an gComhairle agus, mar chuid den togra, ba ghá ceadúnas urthrá a fháil ina leith chomh maith.  Tuigtear do mo Roinn nach bhfuil an ceadúnas sin faighte go fóill ag an gComhairle Chontae.  Tuigtear di chomh maith go bhfuil tuilleadh suirbhéanna le déanamh mar chuid den iarratas ar an gceadúnas ach go bhfuil costas ard ag baint leis na suirbhéanna sin.  Má fhaigheann mo Roinn iarratas ar chúnamh ón gComhairle Chontae chun cuidiú leo íoc as na costais sin, déanfar é a mheas chomh báúil agus is féidir, ag cur san áireamh na n-acmhainní atá ar fáil d'forbairt na n-oileán agus na n-éileamh éagsúla ar na hacmhainní sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.