Written answers

Wednesday, 28 February 2018

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Limistéir Pleanála Teanga

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

69. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé mhéad limistéar atá i gceist maidir leis na limistéir pleanála teanga i nGaillimh; cé mhéad plean atá faofa agus ag feidhmiú faoi láthair; cé mhéad plean atá os comhair na Roinne faoi láthair; cad é stádas na bpleananna eile [10078/18]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Faoin bpróiseas pleanála teanga mar a leagtar amach é faoi Acht na Gaeltachta 2012 tá Gaeltacht na Gaillimhe comdhéanta den 10 limistéar pleanála teanga Gaeltachta a leanas:

1. Oileáin Árann

2. Ceantar na nOileán

3. An Cheathrú Rua

4. Conamara Láir

5. Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh

6. Cois Fharraige

7. Maigh Cuilinn

8. Bearna agus Cnoc na Cathrach

9. Oirthear Chathair na Gaillimhe

10. An tEachréidh

Ar bhonn náisiúnta, tá pleananna teanga i leith: Ghaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire & Loch an Iúir; Cois Fharraige; Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach & Machaire Rabhartaigh; agus Na Déise ceadaithe anois faoin bpróiseas.

Tá pleananna teanga i leith na limistéar:  Múscraí, Ciarraí Theas; Dúiche Sheoigheach/Tuar Mhic Éadaigh; An Cheathrú Rua á mbreithniú ag mo Roinn faoi láthair.

Beifear ag súil leis go gcuirfear pleananna i leith na limistéar a leanas faoi bhráid mo Roinne chun críche faofa idir seo agus deireadh na blian.

- Ciarraí Thiar

- Ceantar na nOileán

- Conamara Láir

- Toraigh

- Tuaisceart Dhún na nGall

- Maigh Eo Thuaidh

- Oileán Árainn

- Rath Chairn & Baile Ghib

- Dún na nGall Theas

- Árainn Mhór

Ina theannta sin tá obair ar bun chun ullmhúchán pleananna teanga i leith na limistéar eile a bhrú chun cinn sa bhliain reatha i dtreo is a bheith ag cinntiú go mbeidh feidhmiú pleananna teanga ar bun i ngach ceann den 26 limistéar pleanála teanga Gaeltachta faoi dheireadh 2020.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.