Written answers
Tuesday, 30 January 2018
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Údarás na Gaeltachta
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
662. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé mhéad duine atá ar Bhoird Údarás na Gaeltachta; an mó folúntas atá ann faoi láthair; cad é an plean agus an clár ama atá ag an Aire chun aon fholúntas a líonadh [4489/18]
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Faoi réir na bhforálacha ábhartha d'Acht na Gaeltachta 2012, is bord de dháréag atá ag Údarás na Gaeltachta. Is i gcomhréir le forálacha ábhartha an Achta agus na cleachtais agus na rialacháin ábhartha a cheap mé bord nua don Údarás le gairid. Níl aon fholúntais ann faoi láthair, dá réir.
De réir mar ba chuí, ba faoi réir an Achta agus na rialachán agus na gcleachtas úd a líonfaí aon fholúntas a d'fhéadfadh a bheith ann idir seo agus deireadh shaolré cúig bliana an bhoird.
No comments