Written answers

Tuesday, 16 January 2018

Department of Agriculture, Food and the Marine

Scéimeanna Talmhaíochta

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

1143. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine an bhfuil sé ar intinn scéim GLAS a athoscailt le haghaidh iarratais nua ag féachaint do na daoine a bheidh ag críochnú i scéim AEOS i mbliana agus don easpa caiteachais ar an bplean forbartha tuaithe go dtí seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [54573/17]

Photo of Michael CreedMichael Creed (Cork North West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Comhlíonadh cheana féin an sprioc chun 50,000 rannpháirtí GLAS a fhaomhadh faoi dheireadh na bliana 2018, atá leagtha amach sa Chlár um Fhorbairt Tuaithe (CFT) 2014 - 2020. Is éacht suntasach é do na feirmeoirí agus don Roinn seo gur comhlíonadh sprioc an CFT beagnach dhá bhliain roimh an spriocdháta, agus léiríonn sé go bhfuil feirmeoirí na hÉireann tiomanta d'fhás inbhuanaithe earnáil agraibhia na tíre amach anseo.

Níl sé beartaithe againn an scéim a oscailt arís. Táim ag díriú anois ar phróiseáil na n-íocaíochtaí leis na rannpháirtithe sin, agus tá gach éinne sa Roinn ag obair go dian ar na réamhíocaíochtaí sin ó 2017 a dhéanamh sna seachtainí seo chugainn. Tá an scéim GLAS ar cheann de líon mór scéimeanna CFT agus ní féidir breithniú ar aon scéim a oscailt arís ach mar chuid de bhuiséad foriomlán CFT, ar buiséad é atá tiomanta go hiomlán faoi láthair.

Feicim go hiomlán roimh ré, bunaithe ar an roghnú agus ar na réamh-mheastacháin reatha, go ndéanfar leithdháileadh iomlán buiséid an Chláir um Fhorbairt Tuaithe, sin timpeall €4 bhilliún, a chaitheamh, agus go dtarraingeofar anuas an cómhaoiniú AE iomlán de €2.19 billiún.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.