Written answers
Tuesday, 16 January 2018
Department of Agriculture, Food and the Marine
Ceadúnas Imill Trá agus Dobharshaothraithe
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
1142. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine an bhfuarthas comhfhreagras a seoladh chuig an Bhord Achomhairc um Cheadúnais Dobharshaothraithe agus ina gcuirtear in iúl don Bhord an imní agus an díomá atá ar choiste faoi cheadúnas a ceadaíodh i gContae Dún na nGall (sonraí tugtha); cathain a eiseofar freagra scríofa; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [54572/17]
Michael Creed (Cork North West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
I gcomhréir leis an ngnáthchleachtas, chuir an Bord Achomhairc um Cheadúnais Dobharshaothraithe (BACD) in iúl don Roinn go bhfuair sé achomhairc i gcoinne an chinnidh ceadúnas dobharshaothraithe a cheadú chun oisrí a shaothrú ag láithreán ar Thrá na Brád, Co. Dhún na nGall, dá dtagraítear ag an Teachta Dála.
Comhlacht neamhspleách reachtúil is ea an BACD ar cuireadh ar bun é chun cinntí a dhéanamh maidir le hachomhairc i gcoinne cinntí um cheadúnú dobharshaothraithe. Tá meas á dhéanamh ag an Bhord faoi láthair ar na hachomhairc dá dtagraítear ag an Teachta Dála mar chuid de phróiseas reachtúil agus, mar sin, bheadh sé míchuí focal eile a rá faoin ábhar sin sula gcuirfear an próiseas i gcrích.
No comments