Written answers

Tuesday, 28 November 2017

Department of An Taoiseach

Foireann Roinne

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

101. To ask the Taoiseach cén líon iomlán foirne atá fostaithe ina Roinn faoi láthair; cé mhéid post atá daingnithe nó aitheanta ag an Roinn (i scéim teanga, nó ar aon bhealach eile) mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; cé mhéid duine atá ann ag a bhfuil líofacht i nGaeilge agus atá ag feidhmiú sna poist sin atá daingnithe no aitheanta mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; an bhfuil sí beartaithe ag an tráth seo aon phost eile de chuid na Roinne a aithint mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge [50675/17]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

102. To ask the Taoiseach cé mhéid folúntas a líonadh ina Roinn ó thús na bliana seo; cé mhéid de na folúntais sin a bhain le poist a bhí sainaitheanta mar phoist a raibh Gaeilge riachtanach ina leith; cé mhéid folúntas atá le líonadh faoi láthair agus cé mhéid de na folúntais siúd atá sainaitheanta mar fholúntais a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo. [50692/17]

Photo of Leo VaradkarLeo Varadkar (Dublin West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I propose to take Questions Nos. 101 and 102 together. 

Tá 866 duine fostaithe i mo Roinn faoi láthair. Toisc go bhfuil éileamh íseal ar sheirbhísí a fháil trí mheán na Gaeilge i mo Roinn, níl postanna daingnithe nó aitheanta ann ina mbeidh gá le Gaeilge. Dá bhrí sin, níl aon folúntas le líonadh faoi láthair atá sainaitheanta mar cheann a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leis. 

Tá an Roinn tiomanta go hiomlán don Scéim Teanga 2015-2018, a ullmhaíodh de bhun Alt 15 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Cuireann an scéim seo le prionsabail na Seirbhísí Ardchaighdeáin do Chustaiméirí agus le Cairt Chustaiméirí na Roinne, lena chinntiú nach mbeidh aon constaic roimh chustaiméirí na Roinne ar mian leo a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge. I gcomhréir leis an Scéim seo, tá mo Roinn tiomanta do measúnú a dhéanamh ar bhonn leanúnach ar an éileamh ar sheirbhísí trí Ghaeilge ar bhealach beartaithe, comhleanúnach ina mbeidh teacht ag daoine air. 

I rith an bliana seo caite, iniúchadh an tAonad um Fhoghlaim agus um Fhorbairt sa Roinn an méid cainteoirí Gaeilge i measc líon foirne na Roinne. Léirigh an t-iniúchadh sin go raibh 6 baill foirne agus an gaeilge ar a dtoil acu. Anuas ar sin, lena chinntiú go bhfuil mo Roinn i gcónaí in ann seirbhísí ardchaighdeáin a sholáthar don phobal trí mheán na Gaeilge, tugann an tAonad sin deiseanna do fhostaithe na Roinne cúrsaí gaeilge a dhéanamh chun a scileanna Gaeilge a fheabhsú. Táthar ag cur na hoiliúna sin ar fáil le go mbeidh cohórt ball foirne ar fáil againn a fhéadann cabhrú le haonaid ghnó freagra a thabhairt do chliaint ar mian leo cumarsáid a dhéanamh leis an Roinn trí Ghaeilge. I dtaca leis an sprioc sin, tá 22 baill foirne tar éis cúrsa oiliúna a dhéanamh nó a chíochnú i mbliana (féach thíos). 

Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil

LeibhéalLíon Foirne
Leibhéal 311
Leibhéal 44
Leibhéal 52
Leibhéal 63
Cúrsa bunleibhéil ar líne2
Iomlán22

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.