Written answers
Wednesday, 27 September 2017
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Acht na dTeangacha Oifigiúla
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
57. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla agus leis an dréachtbhille atá beartaithe, cén dáta a fhoilseofar an bille nua; cé na céimeanna atá riachtanach chun an bille a chur os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [40680/17]
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
76. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén fáth a bhfuil moill mhór ar fhorbairt Bhille na dTeangacha Oifigiúla. [40524/17]
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tógfaidh mé Ceisteanna Uimhir 57 agus 76 le chéile.
Foilsíodh Ceannteidil Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017 níos túisce i mbliana.
Faoi láthair, tá mo Roinn ag obair i gcomhréir le hOifig an Ard-Aighne chun an Bille a dhréachtú. Ag an am céanna agus, ó foilsíodh na Ceannteidil, táthar i mbun comhairliúcháin leis na Ranna Stáit ábhartha, eagrais Gaeilge agus Gaeltachta, An Coimisinéir Teanga agus páirtithe leasmhara eile le cinntiú go mbeidh an Bille is fear agus is éifeachtaí agam le tabhairt os comhair an Oireachtais. Tá na ceannteidil curtha faoi bhráid Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán agus An Comhchoiste um Ealaíona, Oidhreacht, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta chun scrúdú réamhreachtach a dhéanamh air chomh maith.
Táthar ag súil go mbeidh an Bille réidh le foilsiú sa chéad ráithe de 2018.
No comments