Written answers

Wednesday, 27 September 2017

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

An Teanga Gaeilge

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

58. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén dul chun cinn atá déanta maidir le Pleananna Teanga; go háirithe, cé mhéad plean atá faofa ag an Aire agus cé mhéad plean atá os comhair Údarás na Gaeltachta faoi láthair agus cén uair a chuirfear os comhair an Aire iad; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [40681/17]

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

68. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an gcuirfidh sí níos mó airgid ar fáil chun na pleananna teanga atá ullmhaithe ag na Comharchumainn sna Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta a chur i bhfeidhm. [40522/17]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimhir 58 agus 68 le chéile.

Den 26 limistéar pleanála teanga Gaeltachta atá aitheanta faoin bproiseás pleanála teanga mar a leagtar amach é faoi Acht na Gaeltachta 2012, tá an próiseas tosaithe i ngach aon cheann díobh anois.

Tá pleanana teana i leith: Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire & Loch an Iúir; Cois Fharraige; agus Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhairtaigh ceadaithe le gairid - rud a fhágann go mbeifear ag tosú le feidhmiú pleananna sna ceantair sin go luath.

Tá pleananna teanga i leith na limistéar: Ciarraí Thiar; Ciarraí Theas; Na Déise; An Cheathrú Rua agus Múscraí á mbreithniú ag Údarás na Gaeltachta faoi láthair i gcomhar leis na ceanneagraíochtaí pleanála teanga ábhartha, i dtreo a bheith in ann iad a chur faoi bhráid mo Roinne chun críche faofa go luath.

Cé is móite den trí limistéar pleanála teanga atá suite in oirthear Ghaeltacht na Gaillimhe atá i mbun eagraíochtaí a roghnú go háitiúil faoin bpróiseas faoi láthair (eadhon: Bearna agus Cnoc na Cathrach: an tEachréidh agus Oirthear na Gaillimhe) tá obair i ngach limistéar eile faoi láthair mar a bhaineann sé le ullmhúchán pleananna.

Maidir leis na Bailte Seirbhíse Gaeltachta, tá obair idir lámha cheana féin chun plean teanga a ullmhú faoin bproiséas i leith na mbailte: Daingean Uí Chúis, Leitir Ceanainn, Cathair na Gaillimhe agus Cathair Chorcaí. Táthar ag súil leis go mbeidh an próiseas tosaithe sna bailte: Béal an Mhuirthead, An Clochán Liath, Trá Lí agus Dún Garbhán idir seo agus deireadh na bliana

Ina theannta sin, tá obair idir lámha chun pleananna teanga a ullmhú i leith na líonraí Gaeilge: Baile Loch Riach, Co. na Gaillimhe; Inis, Co. an Chláir agus Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath.

Chun cabhrú le feidhmiú an phróisis, tá allúntas ar fiú €850,000 in iomlán é curtha ar fáil ag mo Roinn i mbliana. Den allúntas sin tá suim €735,000 curtha ar fail d'Údarás na Gaeltachta agus an fuílleach €115,000 curtha ar fáil d'Fhoras na Gaeilge.

Bainfear leas as an allúntas seo chun cabhrú le ceanneagraíochtaí pleanála teanga a gcuid pleananna a ullmhú. Chomh maith leis sin bainfear úsáid as chun tús a chur le feidhmiú pleananna aontaithe. Mar chuid den socrú beidh sé curtha ar chumas na limistéir faoi leith oifigeach pleanála teanga a fhostú go háitiúil chun cabhrú le feidhmiú a bpleananna, uair amháin go mbeidh sé faofa faoin Acht.

Fearacht gach réimse eile caiteachas poiblí beidh gá do gach páirtí leasmhar a bhfuil baint acu le hullmhú agus le feidhmiú pleananna faoin bpróiseas in am trátha a gcuid tosaíochtaí a aithint laistigh den chistíocht atá agus a bheidh curtha ar fáil. Comhthreomhar leis an gciste pleanála teanga ar ndóigh cuimhnimís go mbeidh an infheistíocht shuntasach leanúnach atá á cur ar fáil ón státchiste ar leas na Gaeilge á cur chun fónaimh chomh maith ar mhaithe le tacú le feidhmiú an phróisis pleanála teanga trí chéile.

Is féidir leis an Teach a bheith cinnte de go leanfaidh mé orm mar Aire Stáit a bhfuil leas na Gaeilge agus na Gaeltachta faoi mo chúram chun an cion is fear is féidir a fháil ón státchiste ar son an phróisis agus an rud atá ag a chroílár - an Ghaeilge.

Tá tuilleadh sonraí maidir leis an bproiséas trí chéile agus na tacaíochtaí praiticiúla eile atá á gcur ar fáil chun cabhrú leis ar fáil ar shuíomh na Roinne.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.