Written answers

Wednesday, 27 September 2017

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Scéim na gCúntóirí Teanga

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

50. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sé ar intinn aici scéim na gcúntóirí teanga a dheisiú. [40523/17]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bunaíodh Scéim na gCúntóirí Teanga i 1999 ar bhonn píolótach chun tacú le hiarrachtaí scoileanna na Gaeltachta le deiseanna breise sealbhaithe agus saibhrithe teanga a chur ar fáil do lucht freastail na scoileanna sin. Ó shin i leith tá infheistíocht shuntasach ar bhonn bliantúil déanta sa scéim. Ag an bpointe ama seo, fostaítear cuntóirí fud fad na Gaeltachta faoi stiúir Muintearas agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne.

D'fhógair mé le gairid go bhfuil allúntas iomlán ar fiú €784,442 ceadaithe do Scéim na gCúntóirí Teanga don scoilbhliain reatha 2017/18. As an allúntas iomlán sin, tá €551,813 curtha ar fáil do Mhuintearas Teo agus €232,629 ceadaithe do Oidhreacht Chorca Dhuibhne chun an scéim a riaradh thar ceann na Roinne sna ceantair Ghaeltachta atá faoina gcúram faoi seach.

I gcomhthéacs fhorfheidhmiú an Pholasaí don Oideachas Gaeltacha 2017-2022 de chuid na Roinne Oideachais, atá á chur i bhfeidhm i gcomhar le páirtithe leasmhara, mo Roinnse san áireamh, agus an phróisis pleanála teanga mar a leagtar amach é faoi Acht na Gaeltachta 2012, tá sé beartaithe athbhreithniú a dhéanamh ar scéim na gcúntóirí teanga lena chinntiú go bhfuil sí in oiriúint le tacú leis an bpolasaí agus an próiseas pleanála teanga araon sa tréimhse ama atá le teacht.

Chuige sin, tá obair idir lámha ag mo Roinn faoi láthair chun go dtosóidh an t-athbhreithniú go luath. Beifear ag súil leis go mbreathnófar faoin atbhreithniú seo ar na bealaí a bhféadfaí an scéim a threisiú tuilleadh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.