Written answers
Wednesday, 27 September 2017
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Forbairt Calaí agus Céanna
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
49. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén dul chun cinn atá á dhéanamh le forbairt na gcéibheanna ar Inis Oírr agus ar Inis Meáin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [40465/17]
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Maidir le forbairt Ché Inis Oírr, níos túisce i mbliana, thug mo Roinn cead do Chomhairle Contae na Gaillimhe na comhairleoirí RPS a cheapadh chun tabhairt faoi dhoiciméad tairisceana a réiteach do shuirbhéanna éagsúla atá riachtanach mar chuid den fhorbairt ar an gcé úd. Ach an próiseas tairisceana sin bheith curtha i gcríoch, roghnófar conraitheoirí chun tabhairt faoi na suirbhéanna sin.
Ag an am céanna, tá iarrtha ag mo Roinn ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe tabhairt faoin bpleanáil d'fhorbairt Chéim III de Ché an Chaladh Mhóir.
Mar chuid den phlé idir mo Roinn agus Comhairle Chontae na Gaillimhe, socraíodh go maoineodh mo Roinn fostú Innealtóir Fheidhmeach shealadach chun déileáil leis an dá fhorbairt. Tuigtear do mo Roinn anois go bhfuil innealtóir aistrithe ag an gComhairle i dtreo na hoibre seo chun dlús a chur leis an obair. Aithníonn mo Roinn gur tionscadail thábhachtacha iad seo do phobal Inis Oírr agus do phobal Inis Meáin agus fanfaidh siad mar thosaíocht agamsa i gcomhthéacs fhorbairtí infreastruchtúir ar na hoileáin.
No comments