Written answers

Wednesday, 20 September 2017

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Oideachas Gaeltachta

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

360. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cad atá ar intinn ag a Roinn a dhéanamh, mar chomhlacht ar a bhfuil freagracht faoi leith mar atá leagtha síos sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta, chun tacú le seirbhísí luathbhlianta a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge; cé na pleananna atá aici chun comhaltaí foirne agus acmhainní breise a chur ar fáil; cá mhéad comhalta foirne agus cá mhéad airgead breise a cuirfear ar fáil gach bliain sna cúig bliana atá romhainn; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [39243/17]

Photo of Heather HumphreysHeather Humphreys (Cavan-Monaghan, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheisteanna Dála Uimhir 306 & 307 den 4 Iúil 2017 faoin ábhar seo.

Mar a thug mé fios sa bhfreagra sin bunaíodh Comhar Naíonraí na Gaeltachta Teo (CNNG) in 2004 le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta le clár seirbhísí luathoideachais trí Ghaeilge a sholáthar sa Ghaeltacht. Cuireann CNNG seirbhís thacaíochta riaracháin agus oiliúna ar fáil do na seirbhísí luathoideachais a fheidhmíonn trí Ghaeilge sa Ghaeltacht - idir naíonraí, naíolanna, chlubanna bricfeasta, sheirbhísí iarscoile agus ghrúpaí máthar agus tachráin. Tá allúntas ar fiú €535,000 curtha ar fail ag Údarás na Gaetlachta do CNNG in 2017 chun cabhrú le feidhmiú an chláir oibre sin.

Faoi láthair tá 74 seirbhís luathbhlianta (naíonra) ag feidhmiú faoi chúram CNNG ina gcuirtear seirbhís luathoideachais ar fáil do c.1,000 páiste ó cheann ceann na Gaeltachta.

Mar a bhaineann sé le cúrsaí oililúna san earnáil seo, is fiú a lua go bhfuil tacaíochtaí eile á gcur ar fáil le cur le cumas, caighdeán agus cáilíocht na gcleachtóirí sna seirbhísí luathbhlianta sa Ghaeltacht. Tá cúrsa oiliúna ag leibhéal FETAC leibhéal 6 á sholáthar i gceantar Gaeltachta na Gaillimhe faoi láthair agus 16 rannpháirtí ag freastal ar an gcúrsa atá á sholáthar ag Muintearas, fochuideachta de chuid Údarás na Gaeltachta. Tuigtear dom go bhfuil na féidearthachtaí á bhfiosrú ag an Údarás faoi láthair maidir leis an gcúrsa céanna a sholáthar i ceantair Ghaeltachta Chiarraí agus Dhún na nGall, má tá éileamh ann ina leith.

Luafainn sa chomhthéacs sin chomh  maith scéim nua, An Scéim Forbartha um Oiliúint Luathbhlianta sa Ghaeltacht a d'fhógair an tÚdarás le gairid. Tá an scéim seo dírithe ar oiliúint bhreise a chur ar dhaoine atá ag obair i seirbhísí luathbhlianta agus cáilíocht bhreise a bhaint amach.  Tá sé mar aidhm ag an scéim tacú le daoine atá ag obair sa réimse luathbhlianta trí Ghaeilge sa Ghaeltacht agus atá ag iarraidh céim nó ardcháilíocht tríú leibhéal a bhaint amach sa réimse sin.

I dteannta leis na tacaíochtaí thuasluaite, ní miste dom a rá go gcuireann mo Roinn féin cúnamh ar fáil chomh maith chun tacú leis an earnáil, trí Scéim Seirbhísí Réamhscoile. Faoin scéim sin cuirtear cúnamh ar fail fáil d’ionaid tacaíochta teaghlaigh agus d’ionaid chúraim leanaí áirithe atá lonnaithe sa Ghaeltacht (a mbíonn naíolann ag feidhmiú iontu) chun gníomhaíochtaí breise sealbhaithe agus saibhrithe teanga a chur ar fáil do lucht úsáidte na seirbhísí. Ina theannta sin cuirtear pacáiste tacaíochta teanga ar fáil do theaghlaigh óga na Gaeltachta atá ag togáil clainne le Gaeilge nó a dteastaíonn uathu é sin a dhéanamh agus tá ráchairt shuntasach ar an mbeart praiticiúil seo.

Sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 a d'fhoilsigh an Roinn Oideachais agus Scileanna i mí Dheireadh Fómhair 2016 leagtar amach roinnt bearta ann a bhaineann leis an earnáil réamhscolaíochta sa Ghaeltacht -  a bhfuil baint ag páirtithe leasmhara éagsúla lena gcur i bhfeidhm, lena n-áirítear mo Roinn féin,  An Roinn Oideachais agus Scileanna agus An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige.

Beidh gá dá réir do gach páirtí leasmhar, cúram a dhéanamh d'fheidhmiú an pholasaí seo ar bhonn comhpháirtíochta agus tá obair idir lámha chun na críche sin cheana féin. Is é an cuspóir atá ag an bpolasaí - ach an oiread leis an bpróiseas pleanála teanga agus an tacaíocht phraiticiúil leanúnach atá á cur ar fáil ón státchiste don earnáil réamhscolaíocht Ghaeilge sa Ghaeltacht trí chéile ná a chinntiú go ndéantar an Ghaeilge a threisiú mar theanga pobail agus teaghlaigh sa Ghaeltacht - i gcomhréir le mianta chomhphobail na Gaeltachta iad féin agus lena bhfuil ag croílár na straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.