Written answers

Wednesday, 20 September 2017

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

359. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht ós rud é go bhfuil an spriocdháta a gealladh i gceist pharlaiminte roimhe seo (Ceist 23977/17) sáraithe, cathain a fhoilseofar an plean gníomhaíochta maidir leis an Straitéis 20 Bliain don tréimhse 2017-2022. [39242/17]

Photo of Heather HumphreysHeather Humphreys (Cavan-Monaghan, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I mí na Nollag 2015, mar chuid de Phlean Athnuachana na Státseirbhíse, eagraíodh Díospóireacht Oscailte ar Pholasaí faoin Straitéis 20-Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Rinneadh é sin ar mhaithe le breathnú siar ar an méid a bhí déanta go dtí sin maidir lena cur i bhfeidhm, chomh maith le breathnú chun cinn ar na tosaíochtaí ina leith don tréimhse cúig bliana amach romhainn.

Mar thoradh ar an díospóireacht oscailte sin, tá sé i gceist go mbeidh plean gníomhaíochta don tréimhse 2017-2022 á fhoilsiú ag mo Roinn. Ós rud é go bhfuil freagracht thras-Rannach i gceist maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise, tá plé ar bun ag mo Roinn leis na páirtithe leasmhara éagsúla maidir le spriocanna sonracha agus tráthchlár ina leith a aontú.

Cé go n-aithnítear go bhfuil moill áirithe ar an sprioc ama a tugadh sa bhfreagra ar an gCeist Dála atá luaite ag an Teachta, leanfar ag obair i gcomhar leis na páirtithe leasmhara ábhartha i dtreo a bheith in ann an plean a fhoilsiú faoi dheireadh an fhómhair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.