Written answers

Wednesday, 20 September 2017

Department of Education and Skills

Oideachas trí Ghaeilge

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

229. To ask the Minister for Education and Skills cén toradh a bhí ar an scéim phíolótach páirt-tumoideachais a luaitear i dtuarascáil bhliantúil de chuid a roinne a foilsíodh sa bhliain 2015; an bhfuil sé ar intinn ag an roinn an scéim sin a leathnú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [39249/17]

Photo of Richard BrutonRichard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuireann an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge béim ar chur chun feidhme páirt-tumadh i ngach bunscoil. Iarradh ar an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta comhairle a thabhairt ar pháirt-tumadh nó ar Fhoghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha (FCÁT) mar chuid dá cuid oibre ar fhorbairt curaclaim teanga ag an mbunleibhéal.

Ó Mheán Fómhair 2016 tugadh isteach Curaclam nua comhtháite Teanga Bunscoile do naíonáin bheaga go dtí rang a dó, a chuimsíonn an Ghaeilge agus an Béarla araon. Sa churaclam seo tacaítear le foghlaim teanga na bpáistí sa dá theanga, i nGaeilge agus i mBéarla, trí mheán eispéireas d’ardchaighdeán. Tá sé d’aidhm a chinntiú sa churaclam go sealbhaíonn páistí scileanna inaistrithe teanga a chabhróidh leo i bhfoghlaim na Gaeilge agus an Bhéarla le linn a mbunoideachais agus i dteangacha breise nuair a roghnaíonn siad iad ag an dara leibhéal. Tá obair faoi lán seoil anois i bhforbairt an Churaclaim Bunscolaíochta don tríú go dtí an séú rang agus beidh sé seo ar fáil do scoileanna i bhfómhar na bliana 2018.

Sa Churaclam Teanga Bunscoile, neamhchosúil le curaclam 1999 a bhfuil struchtúr éagsúil air, e.g., snáitheanna éagsúla agus aonaid snáitheanna don dá theanga, don Bhéarla agus don Ghaeilge, tá an t-imeascadh seo idir teangacha tábhachtach do mhúinteoirí bunscoileanna le go ndéanann siad pleanáil ar son agus tacú le dul chun cinn páistí sa chéad teanga atá acu (T1) agus sa dara teanga (T2), bíodh sé i nGaeilge nó i mBéarla. Aistríonn páistí scileanna agus coincheapa áirithe ón gcéad go dtí an dara teanga agus ansin ar aghaidh chuig an tríú teanga.

Nuair a bhaintear úsáid as an struchtúr céanna curaclaim don dá theanga tacaítear le múinteoirí chun pleanáil a dhéanamh ar son foghlaim teanga páistí a phleanáil agus a imeascadh sa Bhéarla agus sa Ghaeilge. Tógann sé seo ar dhá chineál comhtháthaithe mar a dhéantar cur síos orthu i gcuraclam 1999, .i. Béarla agus Gaeilge. Aithnítear ann an tríú cineál de chomhthathú a bhaineann le foghlaim teangacha ar fud trí shnáithe de theanga ó bhéal, léamh agus scríobh.

Déanann an Curaclam nua Teanga Bunscoile cur chun cinn ar Fhoghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha (FCÁT) mar bhealach éifeachtach chun cur le nochtadh páistí go Gaeilge trí chomhthéacsanna firéanta a chruthú do pháistí chun an teanga a usáid. Mar shampla, seans go mbeadh teagasc ábhair eile ar an gcuraclam i gceist , nó gnéithe a bhaineann le hábhar eile á dteagasc trí Ghaeilge. Tá an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) tar éis Ábhar Tacaíochta a fhorbairt maidir le cén chaoi chun úsáid a bhaint as FCÁT. Tá an t-ábhar seo ina chuid de Shraith Straitéisí ar líne chun tacú le cur chun feidhme na scoileanna maidir le Curaclam nua Teanga Bunscoile do naíonaín suas go dtí rang a dó.

Tá clár cuimsitheach um fhorbairt ghairmiúil leanúnach in áit chun tacú le cur chun feidhme an Churaclaim nua Teanga Bunscoile. Tagann múinteoirí, mar chuid den fhorbairt ghairmiúil seo, ar chomhairle maidir leis an gcaoi chun úsáid a bhaint as cuir chuige éagsúla leis an nGaeilge a mhúineadh agus leis an nGaeilge a úsáid mar mheán teagaisc thar na gnéithe eile den churaclam. Seo é cur chuige FCÁT.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.