Written answers

Wednesday, 20 September 2017

Department of Education and Skills

Oideachas Gaeltachta

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

227. To ask the Minister for Education and Skills an mbeidh an clár dátheangach um Thacaíocht Naisc (Droichead) á chur ar fáil d’iar-bhunscoileanna gaeltachta ar bhonn píolótach; más rud é go mbeidh, cathain a chuirfear ar fáil é; cá mhéad scoil a bhfuil an roinn ag súil leis go mbeidh siad páirteach sa chlár sna trí bliana atá romhainn; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [39244/17]

Photo of Richard BrutonRichard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is é ceann de na gníomhartha atá ainmnithe sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022ná triail phíolótach a dhéanamh ar chlár leasaithe ‘Naisc’ (Droichead) in dhá iar-bhunscoil Ghaeltachta a chuireann teagasc iomlán ar fáil trí Ghaeilge, chun tacú le haistriú na scoláirí T2 go hoideachas iomlán trí mheán na Gaeilge. Tá na gníomhartha sa Pholasaí á gcur i bhfeidhm ar bhonn céimnithe ar feadh tréimshe cúig bliana an Pholasaí. Cé go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ag mo Roinn maidir le cur i bhfeidhm an Pholasaí go dtí seo, níl aon chinneadh déanta maidir le cathain a chuirfear tús leis an gclár Droichead a chur ar fáil d'iarbhunscoileanna ar bhonn píolótach.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

228. To ask the Minister for Education and Skills cén dul chun cinn atá déanta ag an rialtas maidir le háiteanna a sholáthar do 30 múinteoir iar-bhunscoile breise in aghaidh na bliana ó 2018/2019 mar atá leagtha amach sa pholasaí don oideachas gaeltachta; cén soláthraí OTM atá roghnaithe acu leis na háiteanna a chur ar fáil; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [39248/17]

Photo of Richard BrutonRichard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is ceann de phríomhspriocanna an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 é feabhas a chur ar cháilíocht an teagaisc trí Ghaeilge. Is é ceann de na gníomhartha atá ainmnithe sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022i leith na príomhsprice sin ná láidriú ar sholáthar na múinteoirí ón soláthraí Oideachas Tosaigh Múinteoirí atá ann cheana trí áiteanna a sholáthar do 30 múinteoir iarbhunscoile breise in aghaidh na bliana ó 2018/19.

Tá dul chun cinn déanta ag mo Roinn chun soláthar líon na múinteoirí iar-bhunscoile atá in ann teagasc trí mheán na Gaeilge a láidriú tríd na socruithe atá déanta chun dhá phost iar-bhunscoile ar iasacht a sholáthar don Mháistreacht Ghairmiúil Oideachais in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá sé i gceist go gcuirfidh na poist bhreise seo ó Mheán Fómhair 2017 ar aghaidh, le soláthar na múinteoirí iar-bhunscoile trí raon de bhearta lena n-áirítear uasoiliúint ábhar oidí agus deiseanna for-rochtana, ar líne agus foghlaim chumaisc, chomh maith leis an gclár a neartú agus a chur chun tosaigh.

Tá mo Roinn ag obair leis an Oifig um Sholáthar Rialtais chun próiseas iomaíochta tairsceana a reáchtáil do dhearadh agus do sholáthar clár B.Ed. Oideachas Tosaigh Múinteoirí (OTM) nua trí mheán na Gaeilge agus do chlár iarchéime trí mheán na Gaeilge do mhúinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile ionas gur féidir an soláthar múinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile atá in ann oideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán a mhéadú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.