Written answers
Wednesday, 5 July 2017
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Seirbhísí Eitilte
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
152. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an raibh comhráite ag oifigigh óna Roinn le gairid le feidhmeannaigh as Aer Árann maidir le seirbhísí nach bhfuil clúdaithe sa PSO; cén toradh a bhí ar na comhráite seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [31609/17]
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Bíonn oifigigh mo Roinne i dteagmháil go rialta le feidhmeannaigh de chuid an chuideachta atá luaite ag an Teachta chun saincheisteanna a bhaineann leis an tseirbhís, an ceann atá ardaithe ag an Teachta ina measc, a phlé. Beidh mo Roinn i dteagmháil leis an gcuideachta faoin ábhar seo arís gan mhoill.
No comments