Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 5 July 2017

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Preserving Ireland's Natural Heritage: Discussion

2:15 pm

Ms Bernardín Nic Giolla Phádraig:

Ó thaobh turasóireacht na Gaeilge de i gCluain Dolcáin, tá feidearthachtaí móra ag baint leis sin. Tagann daoine chugainn a bhíonn ag tabhairt cuairt ar Bhaile Átha Cliath, abraimis, ó Mheiriceá, an Eilbhéis nó an Fhrainc nó cibé áit. Buaileann siad isteach agus suíonn siad isteach ar cheolchoirm, b'fhéidir, nó ar sheisiún ceoil nó cibé rud. Feiceann muid anois go bhfuil deiseanna breise againn chun é sin a fhorbairt. Suas go dtí seo, tá Áras Chrónáin ag feidhmiú mar ionad pobal. Bíonn fáilte roimh na daoine seo agus faigheann siad blaiseadh de sin, ach ní chuirimid aon rud ar leith ar siúl ar mhaithe le hiad a mhealladh isteach. Feicimid anois le Brú Chrónáin - sin an t-ionad oidhreachta ag an gCloigtheach - go mbeidh turasóirí d'aon ghnó ag teacht chuig Cluain Dolcáin ar mhaithe le cuairt a thabhairt air sin agus go bhféadfaidís, b'fhéidir, maidin a chaitheamh ansin agus tráthnóna a chaitheamh ar rang Gaeilge do thosaitheoirí, ar rang feadóg stáin trí mheán na Gaeilge nó ar rang seit damhsa trí mheán na Gaeilge agus mar sin de. An fhadhb atá ann, agus baineann sé seo leis an dara cheist a chur an Cathaoirleach, ná an méid tacaíochta ón Rialtas. Táimid ag fáil tacaíocht sa mhéad is go n-íoctar an chuid is mó den tuarastal, ach ní é ar fad, don oifigeach forbartha atá againn. Íocann Foras na Gaeilge é sin. Bíonn an brabús as go leor de na himeachtaí eile a bhíonn ar siúl againn ag dul chun an t-ionad é féin a choinneáil ag imeacht. Dá bhrí sin, má táimid chun tionscal na turasóireachta Gaeilge a fhorbairt, agus, mar a deirim, feicimid an-fhéidearachtaí ansin, bheadh orainn tacaíocht maoinithe a fháil ó Fhoras na Gaeilge nó ón Roinn chun é sin a fhorbairt. Sin rud ba bhreá linn a dhéanamh.