Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 5 July 2017

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Preserving Ireland's Natural Heritage: Discussion

2:15 pm

Mr. Liam Ó Cuinneagáin:

Beidh freagra an-tapaidh agam ar cheisteanna an Chathaoirligh. Maidir leis an titim daonra i gContae Dhún na nGall agus líon na ndaoine a labhraíonn Gaeilge, tá sé beagnach pro rata. Thit an daonra 3,000 nó mar sin agus thit líon na gcainteoirí Gaeilge timpeall an cheatadáin céanna. Tá na seanchúiseanna céanna mar bhunrud anseo ar nós fostaíocht agus líon an bhuiséid caipitil a bhí ag Údarás na Gaeltachta deich bliana ó shin agus atá anois. Bhí sé cúig oiread cúig, deich nó 15 bliain ó shin. Chomh maith, tá an líon cuairt a thugann IDA Ireland. Tá fócas de dhíth ansin. Má tá fostaíocht, beidh daonra. Tá sé chomh simplí sin.

Tá an turasóireacht Gaeilge ann le cianta de bharr na coláistí Gaeilge mar chuid den tuarasóir Gaeilge. Tá 25,000, de réir mar a thuigim, de dhaltaí nó de dhéagóirí a théann go dtí na coláistí Gaeilge sna Gaeltachtaí ó Rinn Ó gCuanach go Gaoth Dhóbhair go dtí na Dúnaibh agus na ceantair sin gach samhradh. Ó thaobh an turasóireacht chultúrtha do dhaoine fásta, bhí muidne is dócha an chéad ghrúpa ag déanamh é seo 20 nó 30 bliain ó shin. Buíochas le Dia, tá grúpaí agus pobail eile á dhéanamh anois. Tá cúrsaí nua, mar shampla, i Rinn Ó gCuanach, iarthar Chorcaí, Uíbh Ráthach i ndeisceart Chiarraí, Baile an Fheirtéaraigh, na hoileáin - Inis Oírr, Inis Mór agus Inis Meáin - Contae Mhaigh Eo, Conamara, an Cheathrú Rua agus Dún na nGall féin. Tá borradh ar leith faoin saghas seo turasóireachta agus is rud maith é. An rud atá suimiúil faoi agus an rud a chuireann iontas ar dhaoine nuair a thagann siad ar chúrsaí seo'againne ó Bhéal Feirste nó ó Bhaile Átha Cliath ná an líon daoine atá ansin as tíortha idirnáisiúnta. Bhí daoine as suas le 30 tír difriúil againne anuraidh. Bhí 1,500 duine againn i mbliana agus an méid céanna tír. Tá cúrsaí Gaeilge i San Francisco, New Eabhrac agus ar fud na háite. Niche beag atá ann, ach is niche mór é do phobal iargúlta mar Ghleann Cholm Cille nó tuaisceart Mhaigh Eo agus áiteanna mar sin.

Ó thaobh an múnla, b'fhéidir go labhróidh Iníon Mhic Giolla Phádraig faoin Gael Galltach uirbeach, mar a déarfá.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.