Written answers

Tuesday, 20 June 2017

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Scéim na gCúntóirí Teanga

Photo of Pat GallagherPat Gallagher (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

992. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an dtabharfaidh sí cuntas ar an dul chun cinn atá déanta maidir le scéim na gCúntóirí Teanga, go háirithe maidir leis na poist bhreise a cheadaigh an tAire ach nár líonadh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [29020/17]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tugadh le fios sa bhfreagra ar Cheist Dála Uimhir 689 ar 2 Bealtaine 2017 go bhfuil sé aontaithe leis an Roinn Oideachais agus Scileanna go ndéanfar athbhreithniú ar Scéim na gCúntóirí Teanga mar chuid den Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022. Mar chéad céim den athbhreithniú seo, tá Coiste Stiúrtha curtha le chéile le hionadaithe ó mo Roinn, ón Roinn Oideachais agus Scileanna, ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta agus ó Gaeloideachas Teo. chun téarmaí tagartha don athbhreithniú a aontú agus a chur faoi mo bhráid le bheith faofa. Táthar ag súil leis an athbhreithniú seo a bheith déanta sa bhliain reatha.Is iad Muintearas Teo. agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne a dhéanann riaradh ar an scéim seo faoina nglactar le hiarratais ó scoileanna sa Ghaeltacht. Bím sásta i bprionsabal cúnamh a chur ar fáil faoin scéim do scoileanna a chomhlíonann critéir na scéime ach gach cás ar leith a bheith pléite le mo Roinn agus aontaithe leis an Roinn Oideachais agus Scileanna, i gcomhthéacs an athbhreithnithe thuasluaite agus an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.