Written answers
Tuesday, 20 June 2017
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Scéimeanna Rannach
Pat Gallagher (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
991. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an dtabharfaidh sí míniú maidir le cén fáth nár ceadaíodh aon airgead i gClár Caipitil na nOileán d’oileáin i nDún na nGall; an dtabharfaidh sí míniú maidir le cén fáth, i ndiaidh cuairt le gairid ón Aire Stáit ar na hoileáin atá i gceist, agus na ndearbhuithe a tugadh, nach raibh na hoileáin san áireamh sa chlár maoinithe; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [29019/17]
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Níos túisce i mbliana, d’iarr mo Roinn ar údaráis áitiúla ábhartha iarratais a chur chuici ar chomh-mhaoiniú ó mo Roinn chun cláir mhionoibreacha ar na oileáin a chur i gcrích. Fuarthas iarratais ó Chomhairlí Chontae Chorcaí, na Gaillimhe, Mhaigh Eo, Shligigh agus Dhún na nGall. Mar is eol don Teachta, d’fhógair mé deontais d’os cionn €800,000 ina n-iomláine an tseachtain seo caite do cheithre cinn de na comhairlí sin. Tá iarratas Chomhairle Chontae Dhún na nGall á mheas ag mo Roinn go fóill agus breis faisnéise iarrtha aici ón gComhairle ina thaobh. Ach an fhaisnéis bhreise a bheith faighte ag mo Roinn, bheifí muiníneach go mbeifí ábalta fógra dearfach maidir le hoileáin Dhún na nGall a dhéanamh gan mhoill.
No comments