Written answers

Tuesday, 2 May 2017

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Scéim na gCúntóirí Teanga

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

689. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén costas a bhainfidh le scéim na gcúntóirí teanga a chur i bhfeidhm don scoilbhliain 2017/2018 agus gach scoil laistigh den Ghaeltacht san áireamh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [19207/17]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar a thug mé le fios i bhfreagra ar Cheist Dála Uimhir 279 ar 6 Nollaig 2016, tá sé aontaithe leis an Roinn Oideachais agus Scileanna go ndéanfar athbhreithniú iomlán ar Scéim na gCúntóirí Teanga mar chuid den Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 a foilsíodh anuraidh. Táthar ag súil leis an athbhreithniú seo a bheith déanta sa bhliain atá amach romhainn.

Is iad Muintearas Teo. agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne a dhéanann riaradh ar an scéim seo agus glactar le hiarratais ó gach scoil sa Ghaeltacht. Ní chuirtear cúnamh ar fáil, áfach, ach do scoileanna a chomhlíonann critéir na scéime. Faoin scéim seo, cuirtear Cúntóirí Teanga, gur cainteoirí líofa Gaeilge iad, ar fáil mar thaca do scoileanna Gaeltachta chun cuidiú le páistí nach bhfuil an Ghaeilge mar phríomh-theanga acu nó páistí a dteastaíonn tuilleadh cabhrach uathu chun an Ghaeilge a shealbhú. Scoileanna ina bhfuil polasaí láidir Gaeilge i bhfeidhm iontu amháin atá i gceist le gur féidir leis na páistí sin freastal ar gnáth ranganna trí Ghaeilge taobh istigh de achar gearr.

I 2012, cuireadh cúnamh breise ar fáil chun beartais ar leith a chur i gcrích a bheadh dírithe freisin ar shaibhriú teanga go príomha, dírithe ar na páistí a bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu cheana féin. Is léir mar sin go bhfuil riachtanais difriúla ag na scoileanna seo agus, dá bhrí sin, níl an cúnamh céanna i gceist i gcás gach scoil de bharr cúinsí éagsúla.

Sa chomhthéacs seo, ní féidir le mo Roinn an meastachán costais atá iarrtha ag an Teachta a ríomh go cruinn. Is féidir liom a dheimhniú gur cuireadh €781,241 ar fáil faoin scéim don scoil bhliain 2016/2017.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.