Written answers

Tuesday, 7 March 2017

Department of Education and Skills

Clár Oiliúna Tosaigh Múinteoirí

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

199. To ask the Minister for Education and Skills an bhfuil tús curtha leis an bpróiseas tairisceana chun soláthraí an Chláir Oiliúna Tosaigh Múinteoirí a roghnú mar atá leagtha amach sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta agus, mura bhfuil, cathain a chuirfear tús leis an bpróiseas tairisceana; an bhféadfaidh an tAire cur síos a dhéanamh ar stádas reatha an phróisis tairisceana; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [11369/17]

Photo of Richard BrutonRichard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá teagmháil déanta ag an Aonad um Oideachas Gaeltachta leis an Oifig um Sholáthar Rialtais maidir le tús a chur leis an bpróiseas tairisceana agus na doiciméid ábhartha don phróiseas tairsceana a dhréachtú maidir le gairm tograí.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

200. To ask the Minister for Education and Skills cathain a bheidh daoine a ghlacfaidh páirt sa Chlár Oiliúna Tosaigh Múinteoirí cáilithe agus ag teagasc sna scoileanna Gaeltachta de réir an amscála atá i bhfeidhm faoi láthair; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [11370/17]

Photo of Richard BrutonRichard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cé go bhfuil céimithe do chláir oideachais tosaigh múinteoirí do mhúinteoirí bunscoile cáilithe an Ghaeilge a mhúineadh agus múineadh trí Ghaeilge, aithníonn an Polasaí don Oideachas Gaeltachta go bhfuil gá le clár oideachais tosaigh múinteoirí a sholáthar chun tuiscint níos doimhne a fhorbairt ar na dushláín a bhaineann le bheith ag múineadh i suíomh tumoideachais agus i scoileanna lán-Ghaeilge le daltaí ó réimse de chulrá teanga. Mar chuid de chur i bhfeidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta, tá súil agam go mbeidh Clár Oideachais Tosaigh Múinteoirí nua trí mheán na Gaeilge á sholáthar do mhúinteoirí bunscoile thar thréimhse ceithre bliana ó 2018/19.  Tá na spriocdhátaí don chúrsa seo ag brath go mór ar thoradh rathúil an phróisis tairsceana, acmhainní a bheith ar fáil agus líon na ndaoine a roghnóidh an clár oideachais tosaigh múinteoirí seo.  Má thosnaíonn an clár i 2018/19, táthar ag súil go mbeadh an chéad grúpa d’iarchéimithe bunscoile ón gClár Oideachais Tosaigh Múinteoirí seo cáilithe chun teagasc i mbunscoileanna trí mheán na Gaeilge ó Mheán Fómhair 2022.

 Tá clár oideachais tosaigh múinteoirí do mhúinteoirí iar-bhunscoile á sholathar faoi láthair ag Ollscoil na hÉireann Gaillimh (OEG). Ach, aithníonn an Polasaí don Oideachas Gaeltachta go bhfuil gá le líon na múinteoirí iar-bhunscoile nua-cáilithe atá in ann múineadh in iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge/Gaelcholáistí a mhéadú. Táthar ag súil sa Pholasaí,  go mbeidh soláthar na múinteoirí iar-bhunscoile atá in ann múineadh trí mheán na Gaeilge láidrithe trí chúrsa Oideachais Tosaigh Múinteoirí  breise thar thréimhse dhá bhliain a chur ar fáil, go hidéalach ó 2018/19.  Tá na spriocdhátaí don chúrsa seo ag brath go mór ar thoradh rathúil an phróisis tairsceana, acmhainní a bheith ar fáil agus líon na ndaoine a roghnóidh an clár oideachais tosaigh múinteoirí seo.  Táthar ag súil go mbeadh an chéad ghrúpa d’iarchéimithe iar-bhunscoile ón gClár Oideachais Tosaigh Múinteoirí seo cáilithe chun teagasc in inar-bhunscoileanna trí mheán na Gaeilge ó Mheán Fómhair 2020.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.